Skip to Content

Réamhrá

Sa chuid seo, foghlaimeoidh daltaí faoi na seirbhísí airgeadais éagsúla atá ar fáil, conas a oibríonn siad agus cén tionchar a bhíonn acu ar bhealach a mbainistíonn daoine a gcuid airgeadais phearsanta.

Torthaí Foghlama

Ráiteas 1.8

 

Ba cheart go mbeadh ar chumas an scoláire comparáid a dhéanamh idir na seirbhísí a sholáthraíonn gníomhaireachtaí do thomhaltóirí agus institiúidí airgeadais chun cabhrú agus chun tacú le custaiméirí.

Ceacht  1

Sa cheacht seo, foghlaimeofar faoi na seirbhísí agus cuntais éagsúla a chuireann institiúidí airgeadais ar fáil – is iad sin na cinn a chuireann na bainc, an Comhar Creidmheasa agus An Post. Feicfimid go bhfuil cineálacha cuntais éagsúla ar fáil, a chiallaíonn go bhfuil sé tábhachtach an rogha cheart a dhéanamh, a shásaíonn do riachtanais. Is áiseanna luachmhara iad na cuntais seo a chabhraíonn linn airgead a chur i dtaisce, billí a íoc, airgead a aistriú  agus tuilleadh.

Gníomhaíocht 1: (Forbairt Tuisceana)

  1. Fiosraigh ón rang cén t-eolas atá acu faoi na seirbhísí a chuireann na hinstitiúidí airgeadais thuasluaite ar fáil.
  2. Abair leo, mura bhfuil sé luaite sa phlé seo, go bhfuil na cuntais éagsúla a chuireann na bainc ar fáil ina measc.
  3. Roinn na daltaí i ngrúpaí beaga agus iarr orthu na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le cuntas bainc a phlé.
  4. D’fhéadfadh na buntáistí/míbhuntáistí seo a bheith luaite:
  5. BuntáistíMíbhuntáistí
    SábháilteachtDúnta ag an deireadh seachtaine
    ÁisiúlachtTáillí míosúla
    ATMDleacht Stampála
    Íocaíochtaí isteach – SimplíTáillí eile
    Aistriú airgid – Simplí 
    Rótharraingt 
    Cártaí Dochair 
    Seirbhísí Fóin/Idirlín 
    Siopa ar Líne 
  6. Déan plé ar na pointí seo agus tabhair míniú más gá.
  7. Meabhraigh nach bhfuil i gceist le cuntas bainc ach seirbhís amháin a chuireann siad ar fáil.
  8. Tá tuilleadh eolais ar bhileog an mhúinteora thíos.

Gníomhaíocht 2: (Tasc Taighde)

  1. Mínigh go gcuireann institiúidí airgeadais cuntais éagsúla ar fáil dá gcustaiméirí.
  2. Tabhair cúpla sampla dóibh – cuntas reatha, cuntas taisce, cuntas coigiltis, comhchuntas.
  3. Roinn an bhileog oibre thíos leo agus iarr orthu taighde a dhéanamh ar cheann amháin de na cuntais a chuireann institiúidí airgeadais ar fáil.
  4. Tá bileog bhreise thíos le tuilleadh eolais faoi na gnéithe seo go léir.
  5. Tá tuilleadh fós ar fáil ach an leathanach seo a oscailt: https://www.ccpc.ie/manage-your-money/day-to-day-finances/current-accounts-and-bank-cards/choosing-your-current-account/

Ceacht 1 Bileog Oibre

Ceacht 1 Bileog an Mhúinteora

Ceacht 2

Beidh cuntas bainc ag nach mór gach duine againn am éigin sa saol. Osclaíonn roinnt tuismitheoirí cuntas dá bpáistí nuair a bhíonn siad an-óg. Ach i gcásanna eile, osclaíonn na páistí a gcuntais féin – mar shampla, nuair a fhaigheann siad post, nó nuair a thosaíonn siad ar an ollscoil.

Sa cheacht seo oibreoidh na daltaí le chéile chun taighde a dhéanamh ar an bpróiseas iarratais agus faoi na seirbhísí a bheadh ar fáil dóibh dá n-osclódh siad cuntas.

Gníomhaíocht 1:

  1. Déan achoimre ar roinnt de na ceisteanna a ardaíodh i gCeacht 1 den aonad seo.
  2. Roinn na daltaí i ngrúpaí beaga agus spreag iad le tabhairt faoi sheisiún tobsmaointeoireachta dírithe ar an gceist seo a leanas: “Cad iad na ceisteanna is tábhachtaí le cur ar bhanc roimh chuntas a oscailt leo?”
  3. Faigh aiseolas ó na grúpaí éagsúla agus breac seo ar an gclár bán.
  4. Scaip cóip den bhileog oibre thíos orthu.
  5. Déan comparáid idir na ceisteanna atá ar an mbileog agus na ceisteanna a ardaíodh sa phlé thuas.
  6. Ar clúdaíodh na ceisteanna go léir? An raibh cinn in easnamh?
  7. Cuir aon cheist nach bhfuil clúdaithe ar an mbileog isteach sa spás cuí ag an deireadh.
  8. Iarr ar na daltaí na ceisteanna a roinnt eatarthu agus taighde a dhéanamh orthu chun an t-eolas a fháil.
  9. D’fhéadfaí iad a threorú go dtí an leathanach chun eolas ginearálta a aimsiú: https://www.ccpc.ie/manage-your-money/day-to-day-finances/current-accounts-and-bank-cards/opening-a-bank-account
  10. Má tá aon deacrachtaí téarmaíochta ann, tá leagan Béarla den bhileog ar fáil anseo: Bileog

Ceacht 2 Ag Oscailt Cuntais

Ceacht 3

Ó lá go lá, úsáidimid modhanna íocaíochta difriúla chun rudaí a cheannach – gan mórán smaoinimh. Má tá buidéal bainne á cheannach agat, seans go n-úsáidfeá airgead tirim. Má tá an siopadóireacht sheachtainiúil á déanamh agat, seans go n-úsáidfeá cárta dochair. Faoin am seo, tá tuiscint áirithe againn ar na bealaí íocaíochta seo – a chlúdaíonn cárta dochair, cárta creidmheasa, dochar díreach, buanordú agus araile.

Déanfar forbairt ar an tuiscint seo sa cheacht seo, a léiríonn go n-oireann modhanna íocaíochtaí éagsúla i gcásanna éagsúla – agus go bhfuil buntáistí agus míbhuntáistí le gach modh.

Gníomhaíocht 1: (Forbairt Tuisceana)

  1. Roinn an rang i ngrúpaí beaga.
  2. Tabhair cóip den bhileog oibre thíos dóibh.
  3. Iarr orthu í a líonadh le chéile.
  4. Má tá cúnamh breise de dhíth, treoraigh iad go dtí an suíomh seo: https://www.ccpc.ie/manage-your-money/day-to-day-finances/current-accounts-and-bank-cards/paying-your-bills

Ceacht 3 Modhanna Íocaíochta

Gníomhaíocht 2:

  1. Ar chúl an leathanaigh, iarr orthu liosta earraí a cheannaigh siad, nó a ceannaíodh dóibh le mí anuas a bhreacadh síos.
  2. Iarr orthu an modh íocaíochta is oiriúnaí, dar leo, a chur le gach rud ar an liosta – Airgead tirim, Seic, Cárta Dochair, Cárta Creidmheasa agus araile.
  3. Spreag iad chun na buntáistí/míbhuntáistí le gach modh a fhiosrú agus a phlé – eatarthu féin agus ansin mar rang.
  4. Lorg aiseolas uathu agus déan plé ar na ceisteanna a thagann chun cinn.

Ceacht 4

San aonad go dtí seo, pléadh na seirbhísí agus cuntais éagsúla a chuireann institiúidí airgeadais ar fáil; an próiseas iarratais chun chuntas a oscailt; agus na modhanna íocaíochta gur féidir leas a bhaint astu má tá cuntas mar seo agat.

Sa cheacht seo, breathnófar ar an ráiteas bainc – is gá é a thuiscint le cinntiú go bhfuil bainistíocht cheart á déanamh ar airgead s’againn.

Gníomhaíocht:

  1. Cuir in iúl don rang go bhfuil siad chun tuilleadh eolais a fhoghlaim faoi ráitis bhainc.
  2. Fiosraigh cén t-eolas atá acu faoin ábhar cheana féin agus déan seo a phlé agus a fhorbairt.
  3. Bí cinnte go dtuigeann siad gurb éard atá i gceist ná taifead de na híocaíochtaí atá ag teacht isteach agus ag dul amach ó do chuntas thar thréimhse ama. Taispeántar an modh íocaíochta ar an ráiteas freisin.
  4. Roinn an rang i ngrúpaí beaga agus scaip cóip den bhileog oibre le scéal Sheáin orthu.
  5. Léigh an scéal le chéile. Bí cinnte go dtuigeann siad gach gné de.
  6. Roinn cóip den teimpléad orthu agus iarr orthu é a líonadh isteach bunaithe ar an eolas sa sliocht.
  7. Déan comparáid idir an obair seo agus an leagan atá ar fáil thíos. Taispeáin an leagan críochnaithe dóibh.

Ceacht 4 Scéal Sheáin

Ceacht 4 Bileog Oibre

Ceacht 4 Ráiteas – Leathanach an Mhúinteora

Ceacht 5

Caitheadh súil ar an ráiteas bainc sa cheacht roimhe seo. Déanfar forbairt ar an méid atá foghlamtha sa cheacht seo.

Gníomhaíocht:

  1. Abair leis na daltaí go bhfuil siad 18 mbliana d’aois agus go bhfuil a gcuntas bainc agus a gcárta dochair féin acu.
  2. Tosaíonn siad ag tús na míosa le €25 sa chuntas.
  3. Roinn an bhileog oibre orthu agus abair leo go mbeidh orthu roghanna difriúla a thógáil i rith na míosa.
  4. Iarr orthu ráiteas a chruthú ar thaobh eile an leathanaigh, cosúil leis an ráiteas a cruthaíodh i gceacht 4, bunaithe ar na cinntí a roghnaíonn siad.

Ceacht 5 Ráiteas Idirghníomhach