Skip to Content

Cad é Ábhair Airgid?

Is Ábhair Airgid chomhthionscnamh idir an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Is láthair é seo inar féidir teacht ar acmhainní a bheidh cabhrach do mhúinteoirí iar-bhunscoile i ranganna atá ag tabhairt faoin Staidéar Gnó sa tSraith Shóisearach.

Tá an cúrsa iomlán againn ar OneNote.

Riachtanais agus Mianta

Sa chuid seo, aithnóidh na daltaí riachtanais agus mianta agus déanfaidh siad idirdhealú eatarthu.

Foghlaim níos mó

Acmhainní agus Ioncam

Fiosróidh na daltaí na hacmhainní go léir atá ar fáil dóibh agus foinsí ioncaim freisin.

Foghlaim níos mó

Caiteachas

Déanfar machnamh san aonad seo ar na bealaí éagsúla a chaitheann daoine óga airgead. Fiosrófar an tionchar a imríonn caiteachas orthu féin agus ar a dteaghlaigh.

Foghlaim níos mó

Buiséid

Sa chuid seo, foghlaimeoidh daltaí conas buiséad a thuiscint, a ullmhú agus a anailísiú go criticiúil.

Foghlaim níos mó

An córas airgeadais

An Timthriall Airgeadais

Ag gach céim, bíonn riachtanais airgeadais éagsúla ag daoine, cosúil le coigilt le haghaidh soláthairtí scoile, an chéad charr, coláiste, teach, nó scor. Sa chuid seo, foghlaimeoidh tú conas do shaolré airgeadais pearsanta féin a thógáil.

Foghlaim níos mó

Seirbhísí Airgeadais

Sa chuid seo, foghlaimeoidh daltaí faoi na seirbhísí airgeadais éagsúla atá ar fáil, conas a oibríonn siad agus cén tionchar a bhíonn acu ar bhealach a mbainistíonn daoine a gcuid airgeadais phearsanta.

Foghlaim níos mó
Man and woman sitting around a desk, looking at a laptop.

Táirgí airgeadais

Coigiltis

Is cuid thábhachtach de bhainistíocht airgid é coigiltis. Sa n‑aonad seo, foghlaimeoidh tú cén fáth a bhfuil sé tábhachtach airgead a chur i leataobh, na cineálacha éagsúla coigiltis atá ar fáil.

Foghlaim níos mó

Iasachtaí

San aonad seo, fiosróidh na daltaí na hacmhainní go léir atá ar fáil dóibh agus foinsí ioncaim freisin.

Foghlaim níos mó

Árachas

Is bealach é árachas chun tú féin a chosaint ar na fadhbanna airgeadais a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar na hiontais seo. Sa chuid seo, foghlaimeoidh tú conas na cineálacha cearta árachais a aithint do riachtanais phearsanta éagsúla.

Foghlaim níos mó

An Tomhaltóir

Freagrachtaí Tomhaltóirí

San aonad seo cuirtear béim ar na scileanna agus na tuiscintí atá riachtanach chun roghanna airgeadais stuama a dhéanamh. Foghlaimeoidh daltaí conas comparáid éifeachtach a dhéanamh idir praghsanna agus earraí agus níos mó.

Foghlaim níos mó
A woman reviews a contract printed on paper, with her laptop open

Cearta Tomhaltóirí

Sa chuid seo den chúrsa foghlaimeoidh daltaí faoina gcearta mar thomhaltóirí agus conas idirdhealú a dhéanamh idir cearta agus freagrachtaí nuair a bhíonn earraí nó seirbhísí á gceannach acu.

Foghlaim níos mó