Skip to Content

Réamhrá

San aonad seo cuirtear béim ar na scileanna agus na tuiscintí atá riachtanach chun roghanna airgeadais stuama a dhéanamh. Foghlaimeoidh daltaí conas comparáid éifeachtach a dhéanamh idir praghsanna agus earraí, conas meastacháin a bhailiú, agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach ceisteanna áirithe a chur sula gceannaítear aon earra nó seirbhís

Torthái Foghlama

Ráiteas 1.2

 

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire foinsí ioncaim agus caiteachais a shainaithint agus a rangú, comparáid a dhéanamh idir na roghanna atá ar fáil chun an bainistiú is fearr a dhéanamh ar acmhainní airgeadais, measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le gach rogha acu agus breithiúnais eolasacha agus fhreagracha a dhéanamh.

 

Ráiteas 1.7

 

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire idirdhealú a dhéanamh idir a chearta agus a fhreagrachtaí mar thomhaltóir agus léirthuiscint a bheith aige dóibh.

Ceacht 1

Meabhraigh don rang go bhfuil sé tábhachtach nuair atá tomhaltóirí ag iarraidh rud éigin a cheannach, is cuma más earra nó seirbhís é, go bhfuil cúpla ceist is cóir dóibh a chur orthu féin ar dtús. I measc na gceisteanna seo tá na cinn seo a leanas:

  • An é seo an praghas is fearr atá ar fáil?
  • An bhfuil mé in ann é a fháil níos saoire aon áit eile?

Spreagann an ceacht seo na ceisteanna sin, ar an mbonn go n-iarrann sé ar dhaltaí a bheith ag cuardach timpeall. Is fearr go mbeadh teacht ar an idirlíon le tabhairt faoi.

Gníomhaíocht 1: (Ag forbairt tuisceana)

Déan achoimre ar an sainmhíniú atá ar an bhfocal ‘Tomhaltóir’. Is é sin, duine a cheannaíonn earra nó seirbhís.

Gníomhaíocht 2:

  1. Roinn an bhileog oibre thíos ar na daltaí.
  2. Iarr orthu earra amháin agus seirbhís amháin a roghnú ón liosta ar barr.
  3. (D’fhéadfadh daltaí áirithe 2/3 cinn a roghnú ar mhaithe le difreáil.)
  4. Iarr orthu na míreanna atá roghnaithe a bhreacadh síos i gcolún 1 agus ansin tomhais s’acu a bhreacadh síos i gcolún 2.
  5. Tabhair treoir ansin dóibh go bhfuil orthu cúpla meastachán a fháil – bíodh sin ó shiopa, nó ó shuíomh idirlín.
  6. Ní mór dóibh na praghsanna a aimsíonn siad a bhreacadh síos i gcolún 3/4 agus comparáid a dhéanamh leis na tomhais.
  7. Caithfidh siad cinneadh a dhéanamh ansin, cén ceann den dá mheastachán a roghnóidís, agus cén fáth.

Ceacht 1 Cuardaigh Timpeall

Ceacht 2

Sa cheacht seo, cuirfear na daltaí ag machnamh faoi airgead. Fiosrófar na bealaí éagsúla gur féidir airgead a thuilleamh, an úsáid a bhaintear as, agus an luach a bhaineann leis. Caithfear súil ar na mothúcháin a bhraitheann tú nuair atá airgead agat, chomh le maith leis na mothúcháin a bhraitheann tú nuair atá tú gann freisin.

Gníomhaíocht:

  1. Tabhair cóip den bhileog oibre thíos do na daltaí.
  2. Iarr orthu machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna atá ann.
  3. Abair leo freagraí a thabhairt ar na ceisteanna seo.
  4. Is féidir iad seo a phlé mar ghrúpaí beaga agus mar rang ina dhiaidh.

Ceacht 2 Airgead – Cad is fiú é

Ceacht 3

I measc na bhfreagrachtaí atá orainn mar thomhaltóirí, tá na cinn seo a leanas:

  • A bheith stuama nuair atá earraí agus seirbhísí á gceannach againn.
  • Tobcheannach a sheachaint.
  • An luach is fearr ar airgead a lorg.

Ardófar na ceisteanna seo, agus tuilleadh, sa cheacht seo, a chuirfidh na daltaí ag machnamh faoina meoin i leith airgid i gcoitinne.

Gníomhaíocht:

  1. Roinn cóip den suirbhé atá ar an mbileog oibre thíos ar an rang.
  2. Léigh tríd an suirbhé le chéile – agus cinntigh go bhfuil brí na bhfocal ar eolas acu.
  3. Iarr orthu a dtuairimí a thabhairt ar gach ceist – bíodh sin go n-aontaíonn, go n-easaontaíonn nó eile.
  4. Iarr orthu iomlán a ríomh ag an deireadh agus nóta a dhéanamh de.
  5. D’fhéadfaí iomlán a fháil ag gach ceist mar rang, dá mbeadh am agus acmhainní ar fáil.
  6. D’fhéadfaí leas a bhaint as suíomh oiriúnach, mar shampla.
  7. Tabharfaidh an tsuim ag an deireadh tuairim do na daltaí faoin meon atá acu i leith airgid.
  8. Cabhróidh sé leo na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt freisin:
  • An bhfuil mé stuama le hairgead?
  • An bhfuil mé stuama nuair atá mé ag ceannach earraí agus seirbhísí?
  • An lorgaím an luach is fearr ar airgead?

Ceacht 3 Meon i Leith Airgid – Suirbhé

Ceacht 4

D’fhéadfadh go leor rudaí áirithe tionchar a imirt orainn nuair a bhíonn airgead againn le caitheamh. Is féidir leo seo a bheith dearfach nó diúltach – nó meascán den dá rud! Déanfar machnamh ar an ábhar seo sa cheacht seo.

Gníomhaíocht:

  1. Roinn cóip den bhileog oibre thíos ar na daltaí.
  2. D’fhéadfaí é a líonadh amach leo féin, nó i bpéirí.
  3. Is é an rud atá á lorg ná liosta rudaí a imríonn tionchar orthu nuair atá airgead á chaitheamh acu.
  4. Tá sampla amháin tugtha mar threoir. Samplaí eile ná: tuismitheoirí, cairde, na meáin, rochtain, réaltaí teilifíse, réaltaí ceoil agus araile.
  5. Tá bileog shamplach thíos freisin, a chabhróidh leis an bplé.

Ceacht 4 Caiteachas – Tionchair

Ceacht 4 Múinteoir

Ceacht 5

Iarrtar orainn machnamh a dhéanamh ar thionchar ár ngníomhaíochtaí sa cheacht seo, le breithiúnais eolasacha agus fhreagracha a dhéanamh ar bhonn laethúil.

Gníomhaíocht:

  1. Roinn cóip den bhileog oibre thíos ar na daltaí, atá leagtha amach i bhfoirm dialainne.
  2. Iarr orthu liosta a dhéanamh de na príomhghníomhaíochtaí go mbíonn siad bainteach leo i gcaitheamh an lae. Tá cúpla sampla tugtha cheana.
  3. Nuair atá liosta cuimsitheach déanta, iarr orthu aon chostas a bhaineann leis na gníomhaíochtaí go léir a bhreacadh i gcolún 3 – mar shampla leictreachas don aláram/chith.
  4. Ansin i gcolún 4, iarr orthu nóta a bhreacadh a luann an duine a íocann pé costas a bhíonn i gceist.
  5. Agus i gcolún 5, iarr orthu nóta a bhreacadh a thógann san áireamh aon bhealaí gur féidir leo na costais go léir a laghdú.
  6. Meabhraíonn an ceacht seo dúinn go bhfuil freagrachtaí orainn mar thomhaltóirí, ar bhonn laethúil.
  7. Tá bileog shamplach – bileog an mhúinteora thíos mar chúnamh breise.

Ceacht 5 Dialann Lae

Ceacht 5 Dialann – Múinteoir

Ceacht 6

Iarrtar orainn dialann sheachtainiúil a choimeád sa cheacht seo, ionas gur féidir súil a chaitheamh ar ár gcaiteachas le tuilleadh anailíse a dhéanamh orainn féin mar thomhaltóirí, le cinntiú go mbíonn breithiúnais eolasacha agus fhreagracha á ndéanamh againn ar bhonn laethúil. Tógfaidh sé cúpla seachtain le tabhairt faoi.

Gníomhaíocht:

  1. Roinn cóip den dialann sheachtainiúil ar na daltaí go léir agus iarr orthu í a líonadh ar feadh seachtaine.
  2. Iarr orthu taifead a choimeád den chaiteachas sna catagóirí éagsúla.
  3. Nuair atá seachtain caite, tabhair cóip den bhileog ‘caiteachas seachtainiúil’ dóibh.
  4. Iarr orthu machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna a ardaítear ann.
  5. Déan iad seo a mhalartú i bpéirí agus i ngrúpaí beaga.
  6. Déan iad a phlé mar rang ina dhiaidh.
  7. Cad iad na ceisteanna is mó a ardaítear sa cheacht seo:
  • An mbraitheann na daltaí go raibh dóthain airgid acu le tabhairt faoi?
  • Ar chabhraigh sé leo breis machnaimh a dhéanamh ar a gcaiteachas?
  • An mbeidh siad níos stuama mar thomhaltóirí ina dhiaidh?
  • Ar chabhraigh sé leo in aon slí eile? Iad féin a bhainistiú agus araile?

Ceacht 6 Caiteachas Seachtainiúil

Ceacht 6 Dialann Sheachtainiúil

Ceacht 7

Caithfear súil ar roinnt camscéimeanna sa cheacht seo, a thabharfaidh deis dúinn roinnt de na cinn is comónta a fhiosrú. Tabharfar treoir dúinn chomh maith ar na bealaí gur féidir iad a sheachaint.

Gníomhaíocht:

  1. Déan plé ar an bhfocal ‘camscéim’. Fiosraigh an bhfuil a fhios ag na daltaí cad is brí leis? An bhfuil aon taithí acu lena leithéid? An bhfuil aon samplaí acu, nó aon treoir?
  2. Roinn an rang i ngrúpaí beaga. Dáil cóip den bhileog oibre ar gach grúpa.
  3. Léigh trí na cásanna difriúla mar rang ar dtús, le cinntiú go dtuigeann gach dalta na téarmaí.
  4. Iarr orthu iad a léamh le chéile ansin – ag breacadh líne faoi na rudaí ar gá a bheith airdeallach fúthu.
  5. Faigh aiseolas nuair atá an tasc críochnaithe.
  6. Téigh trí bhileog an mhúinteora leo. D’fhéadfaí cóip a thabhairt dá n-oirfeadh.
  7. Ar ardaíodh na ceisteanna go léir atá luaite ann cheana? An raibh aon rud sa bhreis ann
  8. An gceapann na daltaí go bhfuil aon bhaint ag an gceacht seo le freagrachtaí tomhaltóirí? An gcabhróidh sé leo a bheith stuama agus feasach?
  9. Treoraigh na daltaí go dtí an nasc seo agus iarr ar gach grúpa taighde breise a dhéanamh ar chamscéim faoi leith: https://www.ccpc.ie/manage-your-money/scams-and-frauds

Ceacht 7 Camscéimeanna

Ceacht 7 Camscéimeanna – Múinteoir