Skip to Content

Cad é Ábhair Airgid?

Is Ábhair Airgid chomhthionscnamh idir an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Is láthair é seo inar féidir teacht ar acmhainní a bheidh cabhrach do mhúinteoirí iar-bhunscoile i ranganna atá ag tabhairt faoin Eacnamaíocht Bhaile sa tSraith Shóisearach.

Tá ceithre roinn san aonad gur féidir a úsáid mar aonad amháin, nó mar chuid d’aonad foghlama a bheadh déanta in éineacht le torthaí foghlama eile ón tsonraíocht.

Tabharfar aird faoi leith ar acmhainní pearsanta an scoláire, tabharfar deis do na scoláirí a scileanna cinnteoireachta a úsáid, agus cabhrófar leo an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní seo ar bhonn laethúil. Aithneofar cineálacha éagsúla ioncaim agus caiteachais, a fhorbróidh tuiscint airgeadais na scoláirí. Pléifear cearta agus freagrachtaí an tomhaltóra freisin.

‘Is é an aidhm atá i gceist in Eacnamaíocht Bhaile ná eolas, meonta, tuiscint, scileanna agus luachanna an scoláire a fhorbairt chun maireachtáil barr feabhais, fholláin agus inbhuanaithe a bhaint amach do gach duine mar dhuine aonair, agus mar bhall de theaghlaigh agus den tsochaí. Cothaíonn Eacnamaíocht Bhaile acmhainneacht, nuálaíocht, inoiriúnaitheacht agus inniúlacht an scoláire mar thomhaltóir.’ (Eacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí, lch 5)

Tá an t-aonad foghlama seo deartha sa tslí gur féidir tógáil ar reámhfhoghlaim na ndaltaí, gur féidir eolas agus tuiscint a fhorbairt ina thuilleadh staidéir, agus b’fhéidir chun naisc a chothú le réimsí foghlama in ábhair eile.

Leigh níos mó san sonraíocht iomlán eacnamaíocht bhaile. Tá an cúrsa iomlán againn ar  OneNote.

Roinn 1 – Riachtanais agus Mianta

Sa roinn seo, aithníonn daltaí riachtanais agus mianta agus déanann siad idirdhealú eatarthu.

Foghlaim níos mó

Roinn 2 – Acmhainní agus Ioncam

Leagtar béim ar acmhainní agus ioncam san aonad seo.

Foghlaim níos mó

Roinn 3 – Caiteachas

Leagtar béim ar chaiteachas sa roinn seo. Caithfear súil ar chaiteachas na ndaltaí féin, mar aon le caiteachas teaghlaigh.

Foghlaim níos mó

Roinn 4 – Ag Cruthú Buiséid

Caithfear súil ar na bealaí gur féidir buiséid a réiteach agus a mheas don mhaireachtáil neamhspleách.

Foghlaim níos mó
Naisc le Torthaí Foghlama Eile
Sa tsonraíocht do chúrsa Eacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí, dírítear ar thuiscint agus scileanna an scoláire a fhorbairt ag baint úsáid as trí shnáithe comhthéacsúla nasctha: Bia, sláinte agus scileanna cistineacha; Saol teaghlaigh freagrach; agus Teicstílí agus ceardaíocht.

Tá gach roinn anseo, deartha ag úsáid Snáithe 2: Saol teaghlaigh freagrach. Nuair atá aonad foghlama á chur le chéile, d’fhéadfaí torthaí foghlama ó na snáithe eile a nascadh leo chun nádúr comhtháite na sonraíochta a thabhairt sa áireamh. Moltar naisc ina leith seo le linn an aonaid.