Skip to Content

Réamhrá

San aonad seo, fiosróidh na daltaí na hacmhainní go léir atá ar fáil dóibh, mar aon leis na cinntí gur gá a dhéanamh nuair atá na hacmhainní seo á n-úsáid chun a riachtanais agus mianta a shásamh. Fiosróidh siad foinsí ioncaim freisin, a thabharfaidh tuiscint dóibh ar chatagóirí ioncaim éagsúla.

Torthaí foghlama
Ráiteas 1.1

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní pearsanta atá ar fáil dó chun freastal ar a chuid riachtanas agus mianta agus anailís a dhéanamh ar an méid a imríonn sásamh na riachtanas agus na n-éileamh sin tionchar ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí.


Ráiteas 1.2

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire foinsí ioncaim agus caiteachais a shainaithint agus a rangú, comparáid a dhéanamh idir na roghanna atá ar fáil chun an bainistiú is fearr a dhéanamh ar acmhainní airgeadais, measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le gach rogha acu agus breithiúnais eolacha agus fhreagracha a dhéanamh.

Ceacht 1

Tógann an ceacht seo ar an ábhar atá clúdaithe in Aonad 1 – Riachtanais agus Mianta. Fiosróidh na daltaí na hacmhainní go léir atá ar fáil dóibh, mar aon leis na cinntí gur gá a thógáil nuair atá na hacmhainní seo á n-úsáid chun a riachtanais agus mianta a shásamh.

Tosaigh le seisiún tobsmaointeoireachta, ag díriú ar cad is acmhainn/acmhainní ann. Tabhair sainmhíniú más gá. Mar shampla, rud éigin a chabhraíonn leat riachtanas nó mian a shásamh. Déan forbairt ar an bplé seo agus fiosraigh na hacmhainní difriúla atá ar fáil ag na daltaí sa rang.

Gníomhaíocht 1:

  1. Mínigh don rang go mbeidh siad ag smaoineamh faoi na foinsí éagsúla ioncaim a bhíonn acu. Nó i bhfocail eile, cad as a dtagann an t-airgead a fhaigheann siad?
  2. Roinn an rang i ngrúpaí beaga.
  3. Iarr orthu an cheist seo a phlé: “Cad as a dtagann an t-airgead a bhíonn ag daoine óga”?
  4. Roinn leathanach bán leo agus iarr orthu a dtuairimí a bhreacadh síos i liosta.
  5. Ansin, nuair atá liosta déanta, iarr orthu an t-eolas seo a chur le chéile i gcairt oiriúnach – d’fhéadfaí píchairt nó barrachairt a úsáid.
  6. Iarr ar na grúpaí éagsúla a gcairteacha a thaispeáint agus a chur i láthair don rang

Ceacht 2

Déanann an ceacht seo tuilleadh forbartha ar an ábhar atá clúdaithe in Aonad 1 – Riachtanais agus Mianta. Iarrfar ar dhaltaí súil siar a chaitheamh ar na riachtanais agus mianta a tháinig chun cinn san aonad sin agus machnamh a dhéanamh ar na hacmhainní difriúla atá ar fáil dóibh chun na riachtanais agus mianta sin a shásamh. Ba cheart go mbeadh na daltaí ar an eolas ón bplé i gceacht 1, gurb éard atá i gceist le hacmhainn ná rud éigin a chabhraíonn leat riachtanas nó mian a shásamh.

Gníomhaíocht 1:

  1. Tosaigh plé oscailte a chabhróidh le daltaí machnamh breise a dhéanamh ar a riachtanais agus mianta.
  2. Iarr orthu machnamh a dhéanamh ar na hacmhainní atá ar fáil chun na riachtanais agus mianta seo a shásamh.
  3. Meabhraigh do na daltaí go bhfuil tuilleadh acmhainní ar fáil seachas acmhainní airgeadais.
  4. Déan tagairt do na hacmhainní daonna atá ar fáil dóibh, mar aon leis na hacmhainní nádúrtha. Mar shampla, más mian leo post páirtaimseartha a fháil, an bhfuil na scileanna agus na tréithe acu le tabhairt faoi?
  5. Roinn an bhileog thíos orthu agus tabhair deis dóibh í a líonadh ina n-aonar ar dtús báire.
  6. Nuair atá an bhileog líonta, tabhair deis dóibh a bhfreagraí a phlé i mbeirteanna, agus ansin mar rang.

Ceacht 2 Gníomhaíocht

 

Ceacht 3

Cabhróidh an ceacht seo le tuiscint a fhorbairt ar na hacmhainní éagsúla atá ar fáil dúinn. Chomh maith leis sin, cabhróidh sé le tuiscint a fhorbairt ar na cinntí gur gá a dhéanamh nuair atá na hacmhainní seo a n-úsáid chun ár riachtanais agus mianta a shásamh.

Gníomhaíocht 1:

Tosaigh le seisiún tobsmaointeoireachta, ag díriú ar cad is acmhainn/acmhainní ann.

Tabhair sainmhíniú más gá. Mar shampla, rud éigin a chabhraíonn leat riachtanas nó mian a shásamh.

Déan forbairt ar an bplé seo agus fiosraigh na hacmhainní difriúla atá ar fáil ag na daltaí sa rang.

Cás Staidéar – Michelle

Roinn an cás-staidéar thíos ar na daltaí go léir agus léigh é mar rang.

Ansin, roinn na daltaí i ngrúpaí beaga agus iarr orthu é a léamh le chéile arís.

Nuair atá siad ag léamh tríd, iarr orthu machnamh agus plé a dhéanamh ar na ceisteanna seo thíos:

  • Cad iad na hacmhainní difriúla atá ar fáil ag Michelle?
  • An bhfuil leas á bhaint aici astu?
  • Cén moladh nó treoir a thabharfá di?

Déan plé mar rang ar an aiseolas a thagann chun cinn.