Skip to Content

Réamhrá

Déanfar machnamh san aonad seo ar na bealaí éagsúla a chaitheann daoine óga airgead. Fiosrófar an tionchar a imríonn caiteachas orthu féin agus ar a dteaghlaigh. Déanfar idirdhealú idir caiteachas seasta, caiteachas neamhrialta agus caiteachas lánroghnach. Cuirfear cineálacha caiteachais in ord tosaíochta chomh maith.

Torthaí Foghlama

Ráiteas 1.2

 

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire foinsí ioncaim agus caiteachais a shainaithint agus a rangú, comparáid a dhéanamh idir na roghanna atá ar fáil chun an bainistiú is fearr a dhéanamh ar acmhainní airgeadais, measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le gach rogha acu agus breithiúnais eolacha agus fhreagracha a dhéanamh.

Ceacht 1

Déanfar machnamh sa cheacht seo ar na bealaí éagsúla a chaitheann daoine óga airgead. Fiosrófar an tionchar a imríonn caiteachas orthu féin agus ar a dteaghlaigh.

Gníomhaíocht 1: (Caiteachas Pearsanta)

  1. Iarr ar an rang machnamh a dhéanamh ar na bealaí éagsúla a chaith siad airgead le seachtain anuas.
  2. Iarr orthu an trí rud ba chostasaí a cheannaigh siad a bhreacadh síos in ord, ag tosú leis an gceann ba chostasaí.
  3. Iarr orthu an méid iomlán a ríomh. Ní gá an t-eolas seo a roinnt.
  4. Tosaigh comhrá bunaithe ar an machnamh seo a fhiosraíonn:
  • Cad iad na rudaí is mó a gcaitheann siad airgead orthu?
  • Cad iad na rudaí is lú a gcaitheann siad airgead orthu?
  • An mbíonn deis acu airgead a shábháil go seachtainiúil?
  • Cén bac a bhíonn orthu airgead a shábháil? Agus/nó cad a chabhraíonn leo?
  • Conas gur féidir leo airgead a bhainistiú níos fearr, ionas go mbeidh airgead acu nuair a bheidh sé ag teastáil?

Gníomhaíocht 2: (Caiteachas Teaghlaigh)

  1. Iarr ar an rang machnamh a dhéanamh ar na bealaí éagsúla ar chaith a dteaghlaigh airgead le seachtain anuas.
  2. Iarr orthu an trí rud ba chostasaí a bhreacadh síos in ord, ag tosú leis an gceann ba chostasaí.
  3. Iarr orthu an méid iomlán a ríomh. Ní gá an t-eolas seo a roinnt.
  4. Tosaigh comhrá bunaithe ar an machnamh seo a fhiosraíonn:
  • Cad iad na rudaí is mó a gcaitheann teaghlaigh airgead orthu?
  • Cad iad na rudaí is lú a gcaitheann teaghlaigh airgead orthu?
  • An mbíonn deis ag teaghlaigh airgead a shábháil go seachtainiúil?
  • Cén bac a bhíonn orthu airgead a shábháil? Agus/nó cad a chabhraíonn leo?
  • Conas gur féidir le teaghlaigh airgead a bhainistiú níos fearr, ionas go mbeidh airgead acu nuair a bheidh sé ag teastáil?

Ceacht 2

Sa chéad cheacht den aonad seo, rinneadh machnamh ar na bealaí éagsúla a chaitheann daoine óga agus a dteaghlaigh airgead. Ina theannta sin, fiosraíodh an tionchar a imríonn an caiteachas seo orthu féin agus ar a dteaghlaigh.

Sa cheacht seo, déanfar plé ar na cineálacha éagsúla caiteachais atá ann. Chomh maith leis sin, déanfar idirdhealú idir caiteachas seasta, caiteachas neamhrialta agus caiteachas lánroghnach.

Gníomhaíocht 1: (Forbairt Tuisceana)

  1. Cuir tús le plé a dhíríonn ar na gnéithe is mó a gcaitheann teaghlaigh airgead orthu.
  2. Déan tagairt don tobcheannach (Impulse Buying) agus iarr orthu machnamh a dhéanamh ar an tionchar a imríonn seo.
  3. Spreag malartú smaointe faoin ábhar, agus faoin ngá a bhíonn le pleanáil airgid dá bharr.

Gníomhaíocht 2:

  1. Mínigh don rang gur féidir caiteachas a roinnt i gcatagóirí éagsúla. Mínigh gur féidir iad a roinnt mar seo a leanas:
    • Caiteachas Seasta – Is caiteachas é seo a tharlaíonn go rialta nuair a bhíonn an tsuim mar an gcéanna (Morgáiste)
    • Caiteachas Neamhrialta – Seo caiteachas a athraíonn thar am (Billí Leictreachais)
    • Caiteachas Lánroghnach – Seo caiteachas nach bhfuil riachtanach (Laethanta Saoire)
  2. Roinn an bhileog thíos ar na daltaí agus fiafraigh an féidir leo an cineál caiteachais sna grúpaí éagsúla a aithint.
  3. Cén difríochtaí a aithníonn siad idir an caiteachas sna grúpaí éagsúla?

Ceacht 2 Gníomhaíocht

Ceacht 3

Sa chéad cheacht den aonad seo, rinneadh machnamh ar na bealaí éagsúla a gcaitheann daoine óga agus a dteaghlaigh airgead. Ina theannta sin, fiosraíodh an tionchar a imríonn an caiteachas seo orthu féin agus ar a dteaghlaigh. Sa dara ceacht, pléadh na cineálacha éagsúla caiteachais atá ann. Chomh maith leis sin, rinneadh idirdhealú idir caiteachas seasta, caiteachas neamhrialta agus caiteachas lánroghnach.

Sa cheacht seo breathnófar ar chás-staidéar a fhorbróidh tuiscint ar na bealaí éagsúla a gcaitheann daoine óga airgead – agus na bealaí ar féidir airgead a shábháil freisin.

Gníomhaíocht 1:

  1. Roinn an cás-staidéar, atá ar fáil ar an mbileog thíos, ar na daltaí.
  2. Léigh é mar rang – le cinntiú go dtuigeann gach dalta cad atá á rá.
  3. Roinn na daltaí i ngrúpaí beaga agus spreag iad le machnamh a dhéanamh ar na bealaí go léir ar chaith Rian airgead.
  4. Roinn cóip den bhileog oibre orthu.
  5. Iarr orthu taifead a dhéanamh de chaiteachas Rian ar an mbileog seo.
  6. Bíodh méid le gach mír, mar aon leis an iomlán ag an deireadh.
  7. Tá leagan samplach ar leathanach an mhúinteora thíos.

Ceacht 3 (Cás-Staidéar)

Ceacht 3 (Conas a ‘chaith’ Rian a sheachtain)

Ceacht 3 (Leathanach an Mhúinteora)

Gníomhaíocht 2: (Forbairt)

Breac na ceisteanna seo thíos ar an gclár bán agus iarr ar na daltaí iad a phlé sna grúpaí beaga:

  • Cé mhéad airgead a chaith Rian ar an iomlán?
  • An raibh barrachas nó easnamh i gceist?
  • An gcaitheann Rian an tsuim chéanna gach seachtain?
  • Cad iad na bealaí inar féidir le Rian airgead a shábháil?
  • Céard a deir an cás-staidéar seo faoi na riachtanais agus na mianta atá ag Rian?
  • An bhfuil sé tábhachtach nó cabhrach cuntas/dialann mar seo a choimeád?
  • Céard atá le foghlaim ó chuntas/dialann mar seo?

Ceacht 4

Sna ceachtanna eile san aonad seo, rinneadh machnamh ar na bealaí éagsúla a gcaitheann daoine óga agus a dteaghlaigh airgead; fiosraíodh an tionchar a imríonn an caiteachas seo orthu; rinneadh plé ar na cineálacha éagsúla caiteachais atá ann; pléadh an t-idirdhealú idir caiteachas seasta, caiteachas neamhrialta agus caiteachas lánroghnach.

Sa cheacht seo, breathnófar ar phlean caiteachais trí mhí atá leagtha amach ag teaghlach áirithe agus déanfar plé ar na gnéithe is suntasaí atá ann.

Gníomhaíocht 1:

  1. Roinn an plean caiteachais atá leagtha amach ar an mbileog thíos ar na daltaí.
  2. Cuir ag obair i mbeirteanna iad agus iarr orthu na ceisteanna seo a fhiosrú agus a phlé:
  • An féidir leo na cineálacha caiteachais éagsúla a aithint? (Seasta, Neamhrialta agus Lánroghnach)
  • Cad air a gcaitheann muintir Kerrigan an méid is mó airgead gach mí?
  • Ón trí mhí atá luaite, cén ceann ina mbeidh an caiteachas is mó acu? Cén fáth?
  • Cén t-ioncam a bheadh ag teastáil chun an caiteachas seo a shásamh?
  • An bhfuil aon chaiteachas nach bhfuil luaite ar an bplean is ceart a bheith ann (Ní gá go mbeadh!)
  • An bhfuil aon ábhar suntasach eile a sheasann amach ón bplean seo?

Ceacht 4 Gníomhaíocht

Ceacht 5

Tá sé tábhachtach go mbeimis go léir stuama le hairgead agus go ndéanfaimis machnamh faoi chaiteachas – chun bainistiú a dhéanamh ar acmhainní airgeadais, measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le gach rogha acu agus breithiúnais eolacha agus fhreagracha a dhéanamh.

Gníomhaíocht 1:

Sa cheacht seo oibreoidh na daltaí le chéile i ngrúpaí beaga le cinneadh a thógáil faoi charachtair éagsúla – atá stuama nó místuama le hairgead. Léifidh siad faoi dheichniúr – agus is é an cinneadh a bheidh le déanamh acu ná an bhfuil na daoine sin stuama le hairgead, nó an bhfuil cúnamh nó treoir de dhíth uathu.

  1. Roinn na daltaí i ngrúpaí beaga.
  2. Gearr na cártaí atá ar an mbileog oibre thíos agus roinn ceann ar gach grúpa. (Tabhair paca iomlán (10) dóibh.)
  3. Abair leo gur gá dóibh na cuntais go léir a léamh – agus cinneadh a thógáil an bhfuil na daoine sin stuama, nó místuama le hairgead.
  4. Abair leis na daltaí go mbeidh orthu cúis a thabhairt in éineacht le gach cinneadh. Is é sin cén fáth a ndeir siad go bhfuil siad stuama/místuama?

Gníomhaíocht 2: (Forbairt)

  1. Abair leis na daltaí go bhfuil siad tar éis post mar chomhairleoir airgeadais a fháil le clár raidió/teilifíse.
  2. Caithfidh siad comhairle stuama a thabhairt, i bhfoirm cuntais, do bheirt de na carachtair seo a leanas go bhfuil cuntas tugtha fúthu: Rian, Magda, Amelia, Lily agus Micheál, Noah agus Hollie.
  3. Abair leo tagairt a dhéanamh do na ceisteanna seo sa sliocht a bheidh le réiteach:
    • Cén locht is mó atá orthu?
    • Cén bealach gur féidir leo rudaí a fheabhsú?
    • Conas gur féidir leo airgead breise a shábháil agus a thuilleamh?
  4. Iarr ar na daltaí a gcomhairle a roinnt leis an rang. D’fhéadfaí taifeadadh nó físeán a dhéanamh de seo.

Ceacht 5 Gníomhaíocht

Ceacht 6

Is minic go mbíonn sé deacair srian a choimeád ar chaiteachas nuair a bhíonn sladmhargadh ar siúl.  Sa cheacht seo, fiosrófar moltaí chun caiteachas a bhainistiú nuair a bhíonn sladmhargaí ann.

Gníomhaíocht:

  1. Roinn an rang i ngrúpaí beaga agus iarr orthu machnamh a dhéanamh ar na bealaí gur féidir caiteachas a bhainistiú nuair a bhíonn sladmhargaí ar siúl.
  2. Iarr orthu moltaí a thabhairt agus liosta a chruthú.
  3. Déan plé ar na moltaí seo agus cuir i gcomparáid iad leis na moltaí ar an mbileog thíos.

Ceacht 6 Gníomhaíocht