Skip to Content

Réamhrá

Is cuid thábhachtach de bhainistíocht airgid é coigiltis. Sa n‑aonad seo, foghlaimeoidh tú cén fáth a bhfuil sé tábhachtach airgead a chur i leataobh, na cineálacha éagsúla coigiltis atá ar fáil, agus conas spriocanna airgeadais a leagan síos duit féin. 

Torthái Foghlama

Ráiteas 1.5

 

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire cúiseanna a shainaithint chun airgead a choigilt agus a fháil ar iasacht, na cúiseanna sin a cheangal le foinsí cuí airgeadais a aimsiú i ndáil lena gcuspóir, lena gcostais agus lena rioscaí.

Ceacht 1

Is ceacht spraíúil an ceacht seo a chuirfidh na daltaí ag machnamh faoin mbealach a gcaitheann siad le hairgead. Tráth na gceist ilrogha atá ann, agus níl aon fhreagra mícheart!

Gníomhaíocht:

  1. Scaip cóip den bhileog oibre leis an tráth na gceist ar na daltaí go léir.
  2. Léigh trí na ráitis mar rang agus iarr orthu ciorcal a chur timpeall an rogha is fearr a oireann dóibh.
  3. Déan soiléiriú ar aon nath nó téarma nach dtuigeann siad.
  4. Nuair atá na ráitis go léir léite roinn cóip den bhileog scórála orthu.
  5. Iarr orthu a scóir a oibriú amach bunaithe ar na freagraí atá roghnaithe.
  6. Tá eolas faoin méid a insíonn seo fúthu ar chúl an leathanaigh sin.

Ceacht 1 Tráth na gCeist I

Ceacht 1 Tráth na gCeist II

Ceacht 2

Pléadh na cúiseanna go ndéanann daoine airgead a choigilt sa cheacht roimhe seo, mar aon le roinnt de na buntáistí a bhaineann leis. Breathnófar ar an mbuntáiste a bhaineann le hús iolraithe sa cheacht seo.

Gníomhaíocht:

  1. Déan achoimre ar na cúiseanna go ndéanann daoine airgead a choigilt – mar aon leis na buntáistí a bhaineann leis.
  2. Cuir na daltaí i ngrúpaí beaga agus iarr orthu an cheist seo a fhiosrú: “Cén ceisteanna a bheadh agat don institiúid airgeadais dá mbeifeá ag oscailt cuntas taisce leo?”
  3. Glac aiseolas uathu agus déan tagairt don ús – agus ús iolraithe mura mbíonn sé luaite.
  4. Cuir an cheist seo orthu – An fearr leo €1 milliún inniu nó 1c dúbailte, ag ráta 200%, gach lá ar feadh 30 lá?
  5. Déan taifead ar na freagraí. Is leor tomhais.
  6. Roinn an bhileog oibre thíos orthu agus iarr orthu an figiúr le haghaidh laethanta 5 agus 6 a oibriú amach.
  7. Cuir an cheist thuas orthu arís! Ar athraigh aon duine a n-intinn?
  8. Taispeáin bileog an mhúinteora thíos dóibh. Féach an mbíonn ionadh orthu.
  9. Soiléirigh nach bhfaigheann tú an ráta seo sa ghnáthshaol – gur ar mhaithe leis an bprionsabal a bhaineann le hús iolraithe atá an sampla seo déanta.
  10. Déan plé ar impleachtaí na ceiste seo.

Ceacht 3

Pléadh meon na ndaltaí i leith airgid sa chéad cheacht den aonad seo agus pléadh na seirbhísí airgid a chuireann institiúidí airgeadais ar fáil san aonad roimhe. Tógfar ar an bplé seo sa cheacht thíos, ina dtabharfar faoin mbrí a bhaineann le hairgead a choigilt, na cúiseanna go ndéantar airgead a choigilt, mar aon leis na buntáistí a bhaineann leis.

Déanfar scagadh freisin ar na háiteanna gur féidir le daoine airgead a choigilt.

Gníomhaíocht 1: (Forbairt Tuisceana)

  1. Mínigh don rang go bhfuil siad chun machnamh a dhéanamh ar na cúiseanna go ndéantar airgead a choigilt.
  2. Cuir tús le seisiún tobsmaointeoireachta agus iarr ar na daltaí aon rud a ritheann leo nuair a úsáidtear téarmaí ar nós: coigil, coigilt, coigilteas, sábháil, sábháilte, sábháilteacht, taisc, i dtaisce, taisceadán
  3. An bhfuil frásaí nó téarmaí a thagann chun cinn dóibh?
  4. Céard iad na hócáidí is mó a sheasann amach?

Gníomhaíocht 2:

  1. Roinn an rang i ngrúpaí beaga agus iarr orthu liosta a dhéanamh de na cúiseanna go léir go ndéanann daoine airgead a choigilt.
  2. Ba cheart go mbeadh neart cúiseanna acu. Déan forbairt orthu, le cinntiú gur cúiseanna iad, seachas liosta ócáidí. Mar shampla:
    • Mar tá sprioc faoi leith acu.
    • Ar eagla go dtarlóidh rud éigin nach bhfuil siad ag súil leis amach anseo
    • Ionas nach mbeidh orthu airgead a fháil ar iasacht – mínigh an téarma ús, mura bhfuil seo déanta cheana.
  3. Ansin iarr orthu liosta a dhéanamh de na háiteanna a gcuireann daoine airgead i dtaisce.
  4. Fiosraigh leo an dtuigeann siad na buntáistí a bhaineann leis na háiteanna difriúla seo? Beidh nasc anseo le roinnt mhaith a clúdaíodh in Aonad 6.
  5. Treoraigh na daltaí go dtí an suíomh seo: https://www.ccpc.ie/manage-your-money/saving-and-investments/saving/
  6. Abair leo bealach amháin gur féidir airgead a choigilt a fhiosrú, nó tabhair bealach amháin ó na roghanna atá ar fáil dóibh.
  7. Iarr ar dhuine amháin ó gach grúpa aiseolas a thabhairt faoin méid atá foghlamtha acu a chur i láthair don rang.

 

Ceacht 4

Sna ceachtanna san aonad seo go dtí seo, pléadh na cúiseanna go ndéanann daoine airgead a choigilt, mar aon le roinnt de na buntáistí a bhaineann leis. Déanfar treisiú ar na gnéithe seo sa cheacht seo.

Gníomhaíocht:

  1. Cuir in iúl don rang gur saineolaithe anois iad ar chúrsaí coigiltis! Tá gach rud dá bhfuil ar eolas acu!
  2. Abair leo gur inis tú é seo don phríomhoide agus go bhfuil fonn air/uirthi foghlaim uathu.
  3. An tasc atá anois rompu ná cur i láthair a réiteach a dhéanann achoimre ar na príomhphointí foghlama.
  4. Roinn i ngrúpaí beaga iad chun an tasc seo a chur i gcrích agus chabhraigh leo struchtúr a chur ar an gcur i láthair trí na ceannteidil seo a roinnt:
    • Cén trí rud is mó atá le foghlaim faoi choigilteas?
    • Cén trí rud is spéisiúla nuair atá tú ag foghlaim faoi choigilteas?
    • Cén trí rud is dúshlánaí nuair atá tú ag foghlaim faoi choigilteas?
    • Cén trí rud is mó gur spéis a fháil amach faoi choigilteas?
    • Cad is ceart a dhéanamh má tú ag smaoineamh faoi airgead a shábháil?
    • Cén trí rud nár cheart a dhéanamh má tá tú ag smaoineamh faoi airgead a shábháil?
  5. Tá bileog eolais thíos le pointí cabhracha.
  6. Treoraigh iad go dtí an nasc seo má tá tuilleadh cabhrach de dhíth: https://www.ccpc.ie/manage-your-money/saving-and-investments/saving/

Ceacht 4 Coigiltis – Treoir