Skip to Content

Réamhrá

Ag gach céim, bíonn riachtanais airgeadais éagsúla ag daoine, cosúil le coigilt le haghaidh soláthairtí scoile, an chéad charr, coláiste, teach, nó scor. Tugtar an timthriall airgeadais ar seo.

Sa chuid seo, foghlaimeoidh tú conas do shaolré airgeadais pearsanta féin a thógáil. Trí smaoineamh ar na riachtanais atá agat anois agus na cinn a d'fhéadfadh a bheith agat amach anseo, is féidir leat tosú ag tuiscint conas a athraíonn roghanna airgid i rith an tsaoil.

Torthaí foghlama

Ráiteas 1.3

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire saolré airgeadais pearsanta a chur le chéile chun riachtanais airgeadais ag céimeanna difriúla saoil a shainaithint.

Ceacht 1

Is éard atá i gceist le spriocanna airgid ná airgead ar mhaith leat a choigilt le haghaidh carr nua, laethanta saoire, bronntanais Nollag agus araile. Chun a chinntiú go sroicheann tú do sprioc airgid, ba chóir duit é a scríobh síos – mínigh an sprioc, cén uair is mian leat í a bhaint amach, cé mhéad a chosnóidh sí agus na rudaí a chaithfidh tú a dhéanamh chun í a bhaint amach.

Sa gníomhaíocht thíos, déanfaidh na scoláirí machnamh ar sprioc airgid amháin atá acu go sonrach. Déanfaidh siad machnamh ar cén uair a bheidís ag súil leis an sprioc seo a bhaint amach agus na céimeanna atá siad sásta a thógáil chun go n-éireoidh leo. Is féidir spriocanna airgid a aithint nuair a dhéanann daoine pleanáil agus sábháil.

Gníomhaíocht 1: (Ag forbairt tuisceana)

  1. Iarr ar scoláirí an bhileog oibre a chomhlíon siad a thógáil amach (Aonad 1: Riachtanas agus Mianta: Ceacht 2)
  2. Déan plé oscailte leis an rang iomlán agus na ceisteanna seo a leanas á n-úsáid agat mar leideanna:
  • An raibh sé éasca a rá cé na míreanna a bhí ina ‘riachtanais’ agus cé na rudaí a bhí ina ‘mianta’? Mínigh do chuid freagraí.
  • An raibh iontas ort faoi do chuid freagraí?
  • An raibh níos mó agat ar thaobh na riachtanas nó na mianta?
  • An gceapann tú gur gníomhaíocht úsáideach í seo? Cén fáth / Cén fáth nach bhfuil?

Mínigh don rang gur féidir le hiniúchadh den chineál seo cabhrú leat maidir le cén áit ar féidir leat gearradh siar ar chaiteachas nó coigilteas a dhéanamh sa todhchaí.

Gníomhaíocht 2: (Bileog Oibre)

  1. Mínigh don rang céard is sprioc airgid ann, sé sin airgead a chur i leataobh le haghaidh rudaí ar nós laethanta saoire, bronntanais Nollag, cluiche ríomhaire, fón póca nua agus araile.
  2. Abair leis an rang go bhfuil siad chun gníomhaíocht a dhéanamh a chabhróidh le gach duine smaoineamh níos soiléire a dhéanamh faoina spriocanna airgid. Iarr ar na scoláirí smaoineamh ar cheann dá spriocanna airgid – beidh orthu an sprioc a mhíniú, a rá cén uair is mian leo í a bhaint amach, cé mhéid a chosnóidh sí agus na rudaí a chaithfidh siad a dhéanamh chun í a bhaint amach.
  3. Tabhair cóip den bhileog oibre do gach scoláire.
  4. Cuir i gcuimhne dóibh smaoineamh ar sprioc airgid amháin agus an bhileog oibre á comhlíonadh acu.
  5. Nuair atá siad críochnaithe leis an mbileog oibre, roinn an rang ina mbeirteanna.
  6. Iarr ar na grúpaí plé a dhéanamh ar an gcúis go bhfuil sé go maith a gcuid spriocanna airgid a scríobh síos, seachas na smaointe a bheith ina gceann.
  7. Faigh aiseolas uathu agus scríobh a gcuid freagraí ar an gclár bán.
  8. Críochnaigh trí mhíniú don rang gur féidir roinnt spriocanna airgid a bhaint amach go tapa – is spriocanna gearrthéarmacha iad seo, cé gur spriocanna fadtéarmacha iad cinn eile agus go dtógfaidh sé 10 mbliana nó níos mó chun iad a bhaint amach.

Ceacht 1 Gníomhaíocht – Spriocanna

Ceacht 1 Gníomhaíocht (Leathanach an Mhúinteora)