Réamhrá
San aonad seo cuirtear béim ar na scileanna agus na tuiscintí atá riachtanach chun roghanna airgeadais stuama a dhéanamh. Foghlaimeoidh daltaí conas comparáid éifeachtach a dhéanamh idir praghsanna agus earraí, conas meastacháin a bhailiú, agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach ceisteanna áirithe a chur sula gceannaítear aon earra nó seirbhís
Torthái FoghlamaRáiteas 1.2
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire foinsí ioncaim agus caiteachais a shainaithint agus a rangú, comparáid a dhéanamh idir na roghanna atá ar fáil chun an bainistiú is fearr a dhéanamh ar acmhainní airgeadais, measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le gach rogha acu agus breithiúnais eolasacha agus fhreagracha a dhéanamh.
Ráiteas 1.7
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire idirdhealú a dhéanamh idir a chearta agus a fhreagrachtaí mar thomhaltóir agus léirthuiscint a bheith aige dóibh.
Ceacht 1
Meabhraigh don rang go bhfuil sé tábhachtach nuair atá tomhaltóirí ag iarraidh rud éigin a cheannach, is cuma más earra nó seirbhís é, go bhfuil cúpla ceist is cóir dóibh a chur orthu féin ar dtús. I measc na gceisteanna seo tá na cinn seo a leanas:
- An é seo an praghas is fearr atá ar fáil?
- An bhfuil mé in ann é a fháil níos saoire aon áit eile?
Spreagann an ceacht seo na ceisteanna sin, ar an mbonn go n-iarrann sé ar dhaltaí a bheith ag cuardach timpeall. Is fearr go mbeadh teacht ar an idirlíon le tabhairt faoi.
Gníomhaíocht 1: (Ag forbairt tuisceana)
Déan achoimre ar an sainmhíniú atá ar an bhfocal ‘Tomhaltóir’. Is é sin, duine a cheannaíonn earra nó seirbhís.
Gníomhaíocht 2:
- Roinn an bhileog oibre thíos ar na daltaí.
- Iarr orthu earra amháin agus seirbhís amháin a roghnú ón liosta ar barr.
- (D’fhéadfadh daltaí áirithe 2/3 cinn a roghnú ar mhaithe le difreáil.)
- Iarr orthu na míreanna atá roghnaithe a bhreacadh síos i gcolún 1 agus ansin tomhais s’acu a bhreacadh síos i gcolún 2.
- Tabhair treoir ansin dóibh go bhfuil orthu cúpla meastachán a fháil – bíodh sin ó shiopa, nó ó shuíomh idirlín.
- Ní mór dóibh na praghsanna a aimsíonn siad a bhreacadh síos i gcolún 3/4 agus comparáid a dhéanamh leis na tomhais.
- Caithfidh siad cinneadh a dhéanamh ansin, cén ceann den dá mheastachán a roghnóidís, agus cén fáth.
Ceacht 1 Cuardaigh Timpeall
Ceacht 2
Sa cheacht seo, cuirfear na daltaí ag machnamh faoi airgead. Fiosrófar na bealaí éagsúla gur féidir airgead a thuilleamh, an úsáid a bhaintear as, agus an luach a bhaineann leis. Caithfear súil ar na mothúcháin a bhraitheann tú nuair atá airgead agat, chomh le maith leis na mothúcháin a bhraitheann tú nuair atá tú gann freisin.
Gníomhaíocht:
- Tabhair cóip den bhileog oibre thíos do na daltaí.
- Iarr orthu machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna atá ann.
- Abair leo freagraí a thabhairt ar na ceisteanna seo.
- Is féidir iad seo a phlé mar ghrúpaí beaga agus mar rang ina dhiaidh.
Ceacht 2 Airgead – Cad is fiú é
Ceacht 3
I measc na bhfreagrachtaí atá orainn mar thomhaltóirí, tá na cinn seo a leanas:
- A bheith stuama nuair atá earraí agus seirbhísí á gceannach againn.
- Tobcheannach a sheachaint.
- An luach is fearr ar airgead a lorg.
Ardófar na ceisteanna seo, agus tuilleadh, sa cheacht seo, a chuirfidh na daltaí ag machnamh faoina meoin i leith airgid i gcoitinne.
Gníomhaíocht:
- Roinn cóip den suirbhé atá ar an mbileog oibre thíos ar an rang.
- Léigh tríd an suirbhé le chéile – agus cinntigh go bhfuil brí na bhfocal ar eolas acu.
- Iarr orthu a dtuairimí a thabhairt ar gach ceist – bíodh sin go n-aontaíonn, go n-easaontaíonn nó eile.
- Iarr orthu iomlán a ríomh ag an deireadh agus nóta a dhéanamh de.
- D’fhéadfaí iomlán a fháil ag gach ceist mar rang, dá mbeadh am agus acmhainní ar fáil.
- D’fhéadfaí leas a bhaint as suíomh oiriúnach, mar shampla.
- Tabharfaidh an tsuim ag an deireadh tuairim do na daltaí faoin meon atá acu i leith airgid.
- Cabhróidh sé leo na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt freisin:
- An bhfuil mé stuama le hairgead?
- An bhfuil mé stuama nuair atá mé ag ceannach earraí agus seirbhísí?
- An lorgaím an luach is fearr ar airgead?
Ceacht 3 Meon i Leith Airgid – Suirbhé
Ceacht 4
D’fhéadfadh go leor rudaí áirithe tionchar a imirt orainn nuair a bhíonn airgead againn le caitheamh. Is féidir leo seo a bheith dearfach nó diúltach – nó meascán den dá rud! Déanfar machnamh ar an ábhar seo sa cheacht seo.
Gníomhaíocht:
- Roinn cóip den bhileog oibre thíos ar na daltaí.
- D’fhéadfaí é a líonadh amach leo féin, nó i bpéirí.
- Is é an rud atá á lorg ná liosta rudaí a imríonn tionchar orthu nuair atá airgead á chaitheamh acu.
- Tá sampla amháin tugtha mar threoir. Samplaí eile ná: tuismitheoirí, cairde, na meáin, rochtain, réaltaí teilifíse, réaltaí ceoil agus araile.
- Tá bileog shamplach thíos freisin, a chabhróidh leis an bplé.
Ceacht 4 Caiteachas – Tionchair
Ceacht 4 Múinteoir
Ceacht 5
Iarrtar orainn machnamh a dhéanamh ar thionchar ár ngníomhaíochtaí sa cheacht seo, le breithiúnais eolasacha agus fhreagracha a dhéanamh ar bhonn laethúil.
Gníomhaíocht:
- Roinn cóip den bhileog oibre thíos ar na daltaí, atá leagtha amach i bhfoirm dialainne.
- Iarr orthu liosta a dhéanamh de na príomhghníomhaíochtaí go mbíonn siad bainteach leo i gcaitheamh an lae. Tá cúpla sampla tugtha cheana.
- Nuair atá liosta cuimsitheach déanta, iarr orthu aon chostas a bhaineann leis na gníomhaíochtaí go léir a bhreacadh i gcolún 3 – mar shampla leictreachas don aláram/chith.
- Ansin i gcolún 4, iarr orthu nóta a bhreacadh a luann an duine a íocann pé costas a bhíonn i gceist.
- Agus i gcolún 5, iarr orthu nóta a bhreacadh a thógann san áireamh aon bhealaí gur féidir leo na costais go léir a laghdú.
- Meabhraíonn an ceacht seo dúinn go bhfuil freagrachtaí orainn mar thomhaltóirí, ar bhonn laethúil.
- Tá bileog shamplach – bileog an mhúinteora thíos mar chúnamh breise.
Ceacht 5 Dialann Lae
Ceacht 5 Dialann – Múinteoir
Ceacht 6
Iarrtar orainn dialann sheachtainiúil a choimeád sa cheacht seo, ionas gur féidir súil a chaitheamh ar ár gcaiteachas le tuilleadh anailíse a dhéanamh orainn féin mar thomhaltóirí, le cinntiú go mbíonn breithiúnais eolasacha agus fhreagracha á ndéanamh againn ar bhonn laethúil. Tógfaidh sé cúpla seachtain le tabhairt faoi.
Gníomhaíocht:
- Roinn cóip den dialann sheachtainiúil ar na daltaí go léir agus iarr orthu í a líonadh ar feadh seachtaine.
- Iarr orthu taifead a choimeád den chaiteachas sna catagóirí éagsúla.
- Nuair atá seachtain caite, tabhair cóip den bhileog ‘caiteachas seachtainiúil’ dóibh.
- Iarr orthu machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna a ardaítear ann.
- Déan iad seo a mhalartú i bpéirí agus i ngrúpaí beaga.
- Déan iad a phlé mar rang ina dhiaidh.
- Cad iad na ceisteanna is mó a ardaítear sa cheacht seo:
- An mbraitheann na daltaí go raibh dóthain airgid acu le tabhairt faoi?
- Ar chabhraigh sé leo breis machnaimh a dhéanamh ar a gcaiteachas?
- An mbeidh siad níos stuama mar thomhaltóirí ina dhiaidh?
- Ar chabhraigh sé leo in aon slí eile? Iad féin a bhainistiú agus araile?
Ceacht 6 Caiteachas Seachtainiúil
Ceacht 6 Dialann Sheachtainiúil
Ceacht 7
Caithfear súil ar roinnt camscéimeanna sa cheacht seo, a thabharfaidh deis dúinn roinnt de na cinn is comónta a fhiosrú. Tabharfar treoir dúinn chomh maith ar na bealaí gur féidir iad a sheachaint.
Gníomhaíocht:
- Déan plé ar an bhfocal ‘camscéim’. Fiosraigh an bhfuil a fhios ag na daltaí cad is brí leis? An bhfuil aon taithí acu lena leithéid? An bhfuil aon samplaí acu, nó aon treoir?
- Roinn an rang i ngrúpaí beaga. Dáil cóip den bhileog oibre ar gach grúpa.
- Léigh trí na cásanna difriúla mar rang ar dtús, le cinntiú go dtuigeann gach dalta na téarmaí.
- Iarr orthu iad a léamh le chéile ansin – ag breacadh líne faoi na rudaí ar gá a bheith airdeallach fúthu.
- Faigh aiseolas nuair atá an tasc críochnaithe.
- Téigh trí bhileog an mhúinteora leo. D’fhéadfaí cóip a thabhairt dá n-oirfeadh.
- Ar ardaíodh na ceisteanna go léir atá luaite ann cheana? An raibh aon rud sa bhreis ann
- An gceapann na daltaí go bhfuil aon bhaint ag an gceacht seo le freagrachtaí tomhaltóirí? An gcabhróidh sé leo a bheith stuama agus feasach?
- Treoraigh na daltaí go dtí an nasc seo agus iarr ar gach grúpa taighde breise a dhéanamh ar chamscéim faoi leith: https://www.ccpc.ie/manage-your-money/scams-and-frauds
Ceacht 7 Camscéimeanna
Ceacht 7 Camscéimeanna – Múinteoir