Skip to Content

Réamhrá

Is cuid thábhachtach de bhainistíocht airgid é coigiltis. Sa n‑aonad seo, foghlaimeoidh tú cén fáth a bhfuil sé tábhachtach airgead a chur i leataobh, na cineálacha éagsúla coigiltis atá ar fáil, agus conas spriocanna airgeadais a leagan síos duit féin. 

Torthái Foghlama

Ráiteas 1.5

 

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire cúiseanna a shainaithint chun airgead a choigilt agus a fháil ar iasacht, na cúiseanna sin a cheangal le foinsí cuí airgeadais a aimsiú i ndáil lena gcuspóir, lena gcostais agus lena rioscaí.

Ceacht 1

Is ceacht spraíúil an ceacht seo a chuirfidh na daltaí ag machnamh faoin mbealach a gcaitheann siad le hairgead. Tráth na gceist ilrogha atá ann, agus níl aon fhreagra mícheart!

Gníomhaíocht:

  1. Scaip cóip den bhileog oibre leis an tráth na gceist ar na daltaí go léir.
  2. Léigh trí na ráitis mar rang agus iarr orthu ciorcal a chur timpeall an rogha is fearr a oireann dóibh.
  3. Déan soiléiriú ar aon nath nó téarma nach dtuigeann siad.
  4. Nuair atá na ráitis go léir léite roinn cóip den bhileog scórála orthu.
  5. Iarr orthu a scóir a oibriú amach bunaithe ar na freagraí atá roghnaithe.
  6. Tá eolas faoin méid a insíonn seo fúthu ar chúl an leathanaigh sin.

Ceacht 1 Tráth na gCeist I

Ceacht 1 Tráth na gCeist II

Ceacht 2

Pléadh na cúiseanna go ndéanann daoine airgead a choigilt sa cheacht roimhe seo, mar aon le roinnt de na buntáistí a bhaineann leis. Breathnófar ar an mbuntáiste a bhaineann le hús iolraithe sa cheacht seo.

Gníomhaíocht:

  1. Déan achoimre ar na cúiseanna go ndéanann daoine airgead a choigilt – mar aon leis na buntáistí a bhaineann leis.
  2. Cuir na daltaí i ngrúpaí beaga agus iarr orthu an cheist seo a fhiosrú: “Cén ceisteanna a bheadh agat don institiúid airgeadais dá mbeifeá ag oscailt cuntas taisce leo?”
  3. Glac aiseolas uathu agus déan tagairt don ús – agus ús iolraithe mura mbíonn sé luaite.
  4. Cuir an cheist seo orthu – An fearr leo €1 milliún inniu nó 1c dúbailte, ag ráta 200%, gach lá ar feadh 30 lá?
  5. Déan taifead ar na freagraí. Is leor tomhais.
  6. Roinn an bhileog oibre thíos orthu agus iarr orthu an figiúr le haghaidh laethanta 5 agus 6 a oibriú amach.
  7. Cuir an cheist thuas orthu arís! Ar athraigh aon duine a n-intinn?
  8. Taispeáin bileog an mhúinteora thíos dóibh. Féach an mbíonn ionadh orthu.
  9. Soiléirigh nach bhfaigheann tú an ráta seo sa ghnáthshaol – gur ar mhaithe leis an bprionsabal a bhaineann le hús iolraithe atá an sampla seo déanta.
  10. Déan plé ar impleachtaí na ceiste seo.

Ceacht 3

Pléadh meon na ndaltaí i leith airgid sa chéad cheacht den aonad seo agus pléadh na seirbhísí airgid a chuireann institiúidí airgeadais ar fáil san aonad roimhe. Tógfar ar an bplé seo sa cheacht thíos, ina dtabharfar faoin mbrí a bhaineann le hairgead a choigilt, na cúiseanna go ndéantar airgead a choigilt, mar aon leis na buntáistí a bhaineann leis.

Déanfar scagadh freisin ar na háiteanna gur féidir le daoine airgead a choigilt.

Gníomhaíocht 1: (Forbairt Tuisceana)

  1. Mínigh don rang go bhfuil siad chun machnamh a dhéanamh ar na cúiseanna go ndéantar airgead a choigilt.
  2. Cuir tús le seisiún tobsmaointeoireachta agus iarr ar na daltaí aon rud a ritheann leo nuair a úsáidtear téarmaí ar nós: coigil, coigilt, coigilteas, sábháil, sábháilte, sábháilteacht, taisc, i dtaisce, taisceadán
  3. An bhfuil frásaí nó téarmaí a thagann chun cinn dóibh?
  4. Céard iad na hócáidí is mó a sheasann amach?

Gníomhaíocht 2:

Roinn an rang i ngrúpaí beaga agus iarr orthu liosta a dhéanamh de na cúiseanna go léir go ndéanann daoine airgead a choigilt.

Ba cheart go mbeadh neart cúiseanna acu. Déan forbairt orthu, le cinntiú gur cúiseanna iad, seachas liosta ócáidí. Mar shampla:

  • Mar tá sprioc faoi leith acu.
  • Ar eagla go dtarlóidh rud éigin nach bhfuil siad ag súil leis amach anseo
  • Ionas nach mbeidh orthu airgead a fháil ar iasacht – mínigh an téarma ús, mura bhfuil seo déanta cheana.

Ansin iarr orthu liosta a dhéanamh de na háiteanna a gcuireann daoine airgead i dtaisce.

Fiosraigh leo an dtuigeann siad na buntáistí a bhaineann leis na háiteanna difriúla seo? Beidh nasc anseo le roinnt mhaith a clúdaíodh in Aonad 6.

Treoraigh na daltaí go dtí an suíomh seo: https://www.ccpc.ie/manage-your-money/saving-and-investments/saving/

Abair leo bealach amháin gur féidir airgead a choigilt a fhiosrú, nó tabhair bealach amháin ó na roghanna atá ar fáil dóibh.

Iarr ar dhuine amháin ó gach grúpa aiseolas a thabhairt faoin méid atá foghlamtha acu a chur i láthair don rang.


 

Ceacht 4

Sna ceachtanna san aonad seo go dtí seo, pléadh na cúiseanna go ndéanann daoine airgead a choigilt, mar aon le roinnt de na buntáistí a bhaineann leis. Déanfar treisiú ar na gnéithe seo sa cheacht seo.

Gníomhaíocht:

Cuir in iúl don rang gur saineolaithe anois iad ar chúrsaí coigiltis! Tá gach rud dá bhfuil ar eolas acu!

Abair leo gur inis tú é seo don phríomhoide agus go bhfuil fonn air/uirthi foghlaim uathu.

An tasc atá anois rompu ná cur i láthair a réiteach a dhéanann achoimre ar na príomhphointí foghlama.

Roinn i ngrúpaí beaga iad chun an tasc seo a chur i gcrích agus chabhraigh leo struchtúr a chur ar an gcur i láthair trí na ceannteidil seo a roinnt:

  1. Cén trí rud is mó atá le foghlaim faoi choigilteas?
  2. Cén trí rud is spéisiúla nuair atá tú ag foghlaim faoi choigilteas?
  3. Cén trí rud is dúshlánaí nuair atá tú ag foghlaim faoi choigilteas?
  4. Cén trí rud is mó gur spéis a fháil amach faoi choigilteas?
  5. Cad is ceart a dhéanamh má tú ag smaoineamh faoi airgead a shábháil?
  6. Cén trí rud nár cheart a dhéanamh má tá tú ag smaoineamh faoi airgead a shábháil?

Tá bileog eolais thíos le pointí cabhracha.

Treoraigh iad go dtí an nasc seo má tá tuilleadh cabhrach de dhíth: https://www.ccpc.ie/manage-your-money/saving-and-investments/saving/

Ceacht 4 Coigiltis – Treoir