Skip to Content

Réamhrá

Sa chuid seo den chúrsa foghlaimeoidh daltaí faoina gcearta mar thomhaltóirí agus conas idirdhealú a dhéanamh idir cearta agus freagrachtaí nuair a bhíonn earraí nó seirbhísí á gceannach acu.

Torthaí Foghlama

Ráiteas 1.7

 

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire idirdhealú a dhéanamh idir a chearta agus a fhreagrachtaí mar thomhaltóir agus léirthuiscint a bheith aige dóibh.

Ceacht 1 

Faoin tráth seo tá a fhios againn gur tomhaltóirí muid go léir toisc go mbainimid leas as earraí agus seirbhísí. An cheist a bheidh faoi chaibidil sa cheacht gairid seo ná an tomhaltóirí feasacha muid?

Déanfar plé ar dtús faoin mbrí a bhaineann le tomhaltóir. Ansin déanfar forbairt ar an gcoincheap, a chabhróidh linn tuiscint sa bhreis a fháil ar cad is brí le tomhaltóir feasach, mar aon leis na buntáistí a bhaineann leis.

Gníomhaíocht:

  1. Roinn na daltaí i ngrúpaí beaga.
  2. Iarr orthu machnamh a dhéanamh ar ócáidí le déanaí gur cheannaigh siad rud éigin speisialta.
  3. Soiléirigh arís gur tomhaltóirí iad daoine a cheannaíonn/úsáideann seirbhísí nó earraí.
  4. Nuair atá machnamh déanta agus soiléireacht forbartha, iarr orthu a machnamh a dhéanamh ar na rudaí a rinne siad a léiríonn go bhfuil siad stuama nó feasach mar thomhaltóirí.
  5. Tabhair cóip den bhileog thíos dóibh – agus iarr orthu na míreanna a líonadh le focail nó íomhánna, a thabharfaidh pictiúr iomlán den tomhaltóir feasach.
  6. Samplaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn ná:
    • A bheith soiléir faoin rud a bhí uathu
    • A bheith ar an eolas faoin méid a bhí le caitheamh acu
    • Comparáid a dhéanamh idir praghsanna
    • Comparáid a dhéanamh idir caighdeáin
    • Admhálacha a choimeád
    • Earraí a úsáid mar is ceart
    • Pacáistíocht a fuair siad a athchúrsáil
  7. Déan plé ar an aiseolas a thagann uathu.
  8. Fiosraigh an bhfuil tuiscint sa bhreis forbartha acu ar na tréithe a bhíonn ag tomhaltóir feasach.

Ceacht 1 Meascán Mearaí

Ceacht 2

Bíonn cearta ag tomhaltóirí atá leagtha amach i ndlíthe tomhaltais – dlíthe atá ann chun cosaint a thabhairt dúinn nuair a bhíonn fadhb ann.

Déanfar plé sa cheacht seo ar roinnt de na cearta seo – agus foghlaimeofar faoi cad is gá a dhéanamh le cinntiú go bhfuil ár gcearta mar thomhaltóirí cosanta. Cabhróidh seo linn a bheith feasach mar thomhaltóirí.

Gníomhaíocht:

  1. Scaip cóip den bhileog thíos ar na daltaí.
  2. Léigh tríd mar rang le cinntiú go dtuigeann siad an téarmaíocht.
  3. Iarr orthu rogha amháin ar gach ceist a phiocadh.
  4. Déan plé ar na freagraí ina dhiaidh – atá ar fáil thíos chomh maith.

Ceacht 2 Tomhaltóir – Tráth na gCeist

Ceacht 2 Múinteoir

Ceacht 3

Is minic sa lá atá inniu ann go ndéantar earraí a cheannach ar líne – ó áiteanna in Éirinn agus thar lear. Tá liosta le háireamh de na hearraí a cheannaítear atá ag forbairt agus ag fás de réir a chéile.

Breathnófar ar ár gcearta mar thomhaltóirí nuair atá earraí agus seirbhísí á gceannach ar líne againn sa cheacht seo.

Gníomhaíocht 1: (Ag Forbairt Tuisceana)

  1. Roinn an rang i ngrúpaí beaga agus iarr orthu liosta a dhéanamh de na hearraí a cheannaítear ar líne.
  2. Ansin iarr orthu liosta difríochtaí idir earraí a cheannach ar líne agus earraí a cheannach i siopa a dhéanamh.
  3. Faigh aiseolas uathu
  4. Déan liosta a chur le chéile ar an gclár bán den aiseolas go léir.

Gníomhaíocht 2:

  1. Fiosróidh an ceacht seo an tuiscint atá ag na daltaí ar a gcearta ar líne. Is fiú na cearta seo a phlé roimh ré agus an tasc seo a dhéanamh mar mheasúnú ar an bhfoghlaim.
  2. Breac na focail ‘Fíor’ agus ‘Bréagach’ ar dhá bhileog ar dhá thaobh éagsúla den seomra.
  3. Abair leis na daltaí go mbeidh siad ag siúl go dtí an taobh a réitíonn le liosta ráiteas a bheidh á léamh amach agat.
  4. Léigh tríd an liosta agus iarr ar na daltaí cinneadh a dhéanamh agus dul go dtí an taobh sin den seomra.
  5. Mura bhfuil siad cinnte, is féidir leo fanacht sa lár.
  6. Nuair atá cinneadh déanta, iarr ar dhaltaí áirithe cúis a thabhairt dá gcinneadh.
  7. Déan seo a phlé, go háirithe nuair a bhíonn éagsúlacht tuairimíochta shuntasach ann.
  8. Is mar seo a leanas atá an liosta ráiteas:
    • Tá níos lú ceart agat mar thomhaltóir má cheannaíonn tú ar líne, seachas i siopa.
    • Má cheannaíonn tú ó chomhlacht ar líne atá lonnaithe taobh amuigh den Aontas Eorpach, tá níos lú ceart agat ná mar a bheadh agat dá gceannófá ó chomhlacht ar líne atá san Aontas Eorpach.
    • Má dhéanann tú cinneadh nach maith leat rud a cheannaigh tú ar líne nuair a fhaigheann tú é, is féidir leat é a sheoladh ar ais agus tá aisíocaíocht iomlán ag dul duit.
    • Má tá fabht le hearraí a cheannaíonn tú ar líne nuair a fhaigheann tú iad, tá na cearta céanna agat ná mar a bheadh agat dá gceannófá na hearraí céanna i siopa.
    • Níl aon chostas breise ann má cheannaíonn tú earraí ó shuíomh idirlín taobh amuigh den Aontas Eorpach.
  9. Tá bileog sa bhreis thíos a théann trí na ráitis go léir, le tuilleadh eolais a bheadh cabhrach.
  10. Déan an t-eolas seo a phlé agus a fhiosrú tuilleadh.
  11. Fiosraigh ón rang an bhfuil aon rud sa bhreis foghlamtha acu, nó an raibh gach rud clúdaithe?

Ceacht 3 Liosta Raúiteas

Ceacht 3 Siopadóireacht ar Líne – Múinteoir

Ceacht 4

Nuair atá comhlacht ag díol earraí ar líne, ní mór dóibh eolas áirithe a chur ar fáil. Sa cheacht seo, déanfar tasc taighde a fhiosraíonn an t-eolas seo a thuilleadh.

Gníomhaíocht 1: (Tasc Taighde)

  1. Fiosraigh an bhfuil taithí ag na daltaí ag ceannach éadaí ar líne. Déan plé ar an taithí seo.
  2. Abair leo machnamh a dhéanamh ar na siopaí éadaí is fearr leo, mar go mbeidh an tasc bunaithe ar thaighde ar an siopa a roghnaíonn siad.
  3. Tabhair cóip den bhileog oibre thíos dóibh. Iarr orthu tabhairt faoi ina n-aonar.
  4. Léigh tríd ar dtús mar rang, le bheith cinnte go dtuigeann siad an téarmaíocht go léir.

Gníomhaíocht 2: (Athbhreithniú)

  1. Iarr ar dhaltaí éagsúla cur i láthair a dhéanamh don rang, bunaithe ar an eolas atá faighte acu.
  2. Fiosraigh na ceisteanna seo leo:
  • An raibh sé éasca teacht ar an eolas?
  • An raibh aon cheisteanna nach raibh siad in ann an t-eolas a fháil ina leith?
  • Cén tuairim atá acu faoin mbealach a bhfuil suíomhanna éagsúla leagtha amach?

Ceacht 4 Tasc Taighde

Ceacht 5

Sa lá atá inniu ann, bíonn tomhaltóirí ag ceannach i siopaí agus ar líne. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbeadh ár gcearta ar eolas againn sa dá chás.

Gníomhaíocht:

  1. Tabhair cóip den bhileog thíos do na daltaí go léir.
  2. Léigh tríd mar rang, le cinntiú go dtuigeann gach duine an téarmaíocht.
  3. Ansin roinn an rang i bpéirí agus iarr orthu an dá chás a phlé – le fáil amach cad iad na cearta atá ag Sorcha agus Máire.
  4. Treoraigh na daltaí go dtí an suíomh seo má tá cúnamh nó tuilleadh eolais uathu: https://www.ccpc.ie/consumer-advice/consumer-rights/buying-goods/buying-online
  5. Tá freagraí sonracha ar bhileog an mhúinteora thíos.

Ceacht 5 Comparáid

Ceacht 5 Leathanach an Mhúinteora

Ceacht 6

Faoin am a dtabharfar faoin cheacht seo, ba cheart go mbeadh tuiscint an-mhaith ag na daltaí ar na gnéithe go léir atá clúdaithe go dtí seo.

Gníomhaíocht:

  1. Abair leis an rang go mbeidh taighdeoir ó chlár teilifíse ag teacht chun na scoile mar chuala sé/sí go bhfuil an rang ag foghlaim faoi chearta tomhaltóirí.
  2. Tá stiúrthóir an chláir ag iarraidh mír 5 nóiméad a dhéanamh, a chlúdaíonn roinnt de na difríochtaí idir siopadóireacht ar líne agus siopadóireacht i siopaí.
  3. Roinn an rang i ngrúpaí beaga agus abair leo go bhfuil liosta ceisteanna curtha ar aghaidh ag an taighdeoir a bheidh curtha sa mhír.
  4. Tabhair cóip den bhileog leis an liosta ceisteanna dóibh agus iarr orthu script a réiteach ina leith.
  5. Faigh aiseolas uathu agus iarr ar dhaltaí áirithe a scripteanna a léamh amach don rang.

Ceacht 6 Liosta Ceisteanna

Ceacht 7

Breathnófar ar dhá chás-staidéar éagsúla sa cheacht seo a ardaítear go minic. Iarrfar orainn comhairle a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil ceisteanna cuí acu.

Gníomhaíocht:

  1. Roinn cóip den bhileog oibre thíos ar na daltaí.
  2. Léigh amach an dá chás le chéile mar rang, le bheith cinnte go dtuigeann siad an téarmaíocht.
  3. Roinn iad i mbeirteanna agus abair leo an tasc a dhéanamh le chéile – is é sin comhairle a thabhairt do Jenny agus Jamie faoina gcearta.
  4. Treoraigh iad go dtí foinsí eolais a chabhróidh leo an chomhairle cheart a chur ar fáil.
  5. Tá neart eolais a bhaineann le hábhar ag bun an leathanaigh seo: https://www.ccpc.ie/consumer-advice/consumer-rights/buying-goods
  6. Tá tuilleadh eolais, le freagraí sonracha, ar bhileog an mhúinteora thíos.

Ceacht 7 Cás-Staidéir

Ceacht 7 Leathanach an Mhúinteora

Ceacht 8

Is minic go mbíonn deacracht againn le hearra éigin a cheannaímid agus gur gá dúinn próiseas a leanúint chun fadhb nó deacracht éigin a réiteach. Caithfear súil ar chásanna dá leithéid sa cheacht seo a leanas.

Gníomhaíocht:

  1. Cuir in iúl don rang go mbíonn cásanna áirithe ann nuair a bhíonn ort gearán a dhéanamh.
  2. Fiosraigh leo cad iad na cúiseanna, dar leo, go dtarlódh seo.
  3. D’fhéadfadh samplaí mar seo a leanas teacht chun cinn:
    • Bíonn an t-earra fabhtach
    • Ní raibh an t-earra/seirbhís mar a bhí fógartha
    • Ní raibh an t-earra ar chaighdeán lena raibh tú ag súil
    • Rinne tú gearán ach ní bhfuair tú freagra
    • D’íoc tú as rud éigin ach ní bhfuair tú é
    • Ní raibh an tseirbhís do chustaiméirí a fuair tú sásúil
  4. Abair leis an rang go mbeidh rólghlacadh á dhéanamh acu ar chásanna éagsúla.
  5. Roinn iad i ngrúpaí beaga – 4 is fearr.
  6. Tabhair cás amháin ón mbileog thíos dóibh.
  7. Tabhair neart ama dóibh an cás a léamh a phlé agus a fhiosrú mar ghrúpa.
  8. Iarr ar gach grúpa rólghlacadh a dhéanamh os comhair an ranga bunaithe ar an gcás.
  9. Déan plé mar rang ar gach cás. Ar ardaíodh na ceisteanna cearta? Ar pléadh na gnéithe difriúla?
  10. Roinn bileog an mhúinteora thíos leo – a théann trí na cásanna éagsúla le sonraí maidir le treoir agus comhairle bhreise.
  11. Déan plé ar na ceisteanna a ardaítear. Cad iad na rudaí breise atá foghlamtha? An raibh taithí ag duine ar bith acu le cás dá leithéid cheana?

Ceacht 8 Rólghlacadh – Daltaí

Ceacht 8 Rólghlacadh – Múinteoir

Ceacht 9

Caithfear súil ar litir ghearáin sa cheacht seo, bunaithe ar chás-staidéar.

Gníomhaíocht:

  1. Roinn cóip den bhileog oibre thíos ar na daltaí.
  2. Léigh trí na príomhphointí mar rang, le bheith cinnte go dtuigeann siad an téarmaíocht.
  3. Iarr ar na daltaí litir a chumadh a d’oirfeadh don chás – a chlúdaíonn na pointí go léir atá luaite.
  4. Féach na teimpléid ag an nasc seo mar threoir: https://www.ccpc.ie/consumers/how-to-complain/complaint-letter-templates/
  5. Tá tuilleadh treorach agus eolais ar fáil ar an mbileog eile thíos – gur fiú a phlé mar rang.

Ceacht 9 Litir Ghearáin

Ceacht 9 Gearán