Carr a fháil ar cíos
Cad faoi gluaisteán a fháil ar cíos?
Sula fhaightear gluaisteán ar cíos, tá sé tábhachtach an comhaontú cíosa a thuiscint agus cad a tharlaítear i gcás an gluaisteán bheith damáistithe. Is mór an cuidiú é an réamhullmhúchán chun fadhbanna agus costais nach raibh tú ag dúil leo a sheachaint. Nuair a fhaightear gluaisteán ar cíos, ní mór na nithe seo a leanas a sheiceáil:
- Na téarmaí agus coinníollacha
- Praghas iomlán, ag amharc ar gach táille sa bhreis
- Clúdach árachais a chuirtear ar fáil
Nuair a thógann tú an gluaisteán, déan cinnte é a iniúchadh agus déan nóta ar dhamáistí ar bith atá ar an ngluaisteán cheana, sula imíonn tú leis. Má bhíonn aon fhadhb agat, iarr ar an comhlacht cíosa a thaifead damáistí don ghluaisteán a fheiceáil le cinntiú go bhfuil gach damáiste ar taifead acu. Ní mór do ghrianghraif féin a ghlacadh chomh maith.
Cad uile a bheas de dhíth sula gcuirfear an gluaisteán in áirithe.
Árachas don ghluaisteán cíosa
Ní gcaithfidh comhlachtaí cíosa gluaisteáin ach árachas tríú páirtí a chur ar fáil ina gcéad mheastachán, mar sin seans gur chóir duit an comhaontú cíosa a léamh roimh ré agus níos mó clúdach árachais a fháil.
Praghas iomlán leis an ngluaisteán a fháil ar cíos
Ní mór do phraghas iomlán an ghluaisteáin cíosa bheith ar fáil ag an am cur in áirithe, fiú mura n-íocann tú an t-iomlán ag an am sin. Níor chóir go ngearrfar aon táille nach raibh tú ag dúil leis ag am cur in áirithe an ghluaisteáin nó nuair a thógtar é. Déan cinnte go léann tú an comhaontú go cúramach chun táillí breise a thuiscint agus costais iomlán a bheith ar an eolas agat, amhail praghsanna sa bhreis do thiománaithe faoi 25 bliain d'aois, nó táillí do thiománaithe eile.
Téarmaí agus coinníollacha
Sula gcuirtear in áirithe é, léamh go cúramach téarmaí agus coinníollacha an chomhlachta cíosa. In amanna, gearrfar táillí ar leith agus an gluaisteán á thógáil agat, agus chan nuair a chuirtear in áirithe é. Ach, ní mór an costas iomlán bheith soiléir duit ag an am cur in áirithe. Má bhíonn amhras ort faoi tháillí, go háirithe árachas nó éarlais, déan teagmháil leis an gcomhlacht cíosa.
Comhaontú cíosa
Nuair a thógtar an gluaisteán, léigh an comhaontú cíosa ag an deasc agus cuir ceisteanna faoi aon rud nach bhfuil soiléir.
Riachtanas taithí tiomána
Don chuid is mó de na comhlachtaí cíosa, bíonn taithí dhá bhliain agus láncheadúnas tiomána de dhíth.
Cad faoin gclúdach árachais agus táillí agus gluaisteán á fháil ar cíos agat?
Ní mór comhaontuithe cíosa gluaisteáin clúdach tríú páirtí a chlúdach. Sin an t-íosleibhéal árachais a dtig leo cur ar fáil. Má bhíonn tú i dtimpiste i do ghluaisteán cíosa, clúdaíonn árachas tríú páirtí gach damáiste nó gortú a dhéantar ar dhaoine eile nó ar a gcuid réadmhaoine.
Ní chlúdaíonn árachas tríú páirtí damáistí a dhéantar don ghluaisteán cíosa féin, gortú tiománaí an ghluaisteáin cíosa, nó i gcás an gluaisteán cíosa bheith goidte nó ar tine. Ní mór costas an árachais sin bheith clúdaithe leis an bpraghas a fhaightear ag am cur in áirithe an ghluaisteáin cíosa.
Cad is rud é barrachas árachais gluaisteáin?
Is ionann barrachas árachais agus an mhéid airgid ar chóir duit íoc as tú féin sula dhéantar éileamh ar an árachas gluaisteáin. Tá sé ar an gcéad chuid den éileamh atá tusa freagrach as, agus clúdaíonn an t-árachóir an chuid eile.
Barrachas árachais an ghluaisteáin cíosa
Is minic a bhíonn barrachas níos airde ag árachais gluaisteáin cíosa. Is féidir clúdach sa bhreis a cheannach chun tú féin a chosaint ón táille mhór barrachais. Toisc nach gcuireann comhaontuithe cíosa leibhéil arda de chosaint árachais ar fáil ina gcéad praghas, seans gur mhaith leat sin a chur leis.
Má bhíonn clúdach sa bhreis amhail cosaint bhreise nó clúdach níos cuimsithí ag teastáil uait, is féidir sin a cheannach ón gcomhlacht cíosa gluaisteáin, de ghnáth.
Clúdach sa bhreis a cheannach don ghluaisteán cíosa
Seans go mbeidh tú in ann clúdach árachais sa bhreis a cheannach ar chostas níos ísle ó árachóir eile.
Is féidir na margaí a chuardach chun an margadh is fearr a fháil.
I gcás sin a dhéanamh, agus i gcás éileamh a dhéanamh, bainfidh an comhlacht cíosa an barrachas ó do chárta creidmheasa. Ní mór sin a éileamh ar ais ó d'árachóir eile mar sin.
Cad faoi tháillí breise agus gluaisteán á fháil ar cíos agat?
Seo chugat na cineálacha táillí breise:
- Formhuirir do thiománaithe faoi 25 bliain d'aois
- Táillí bailiúcháin amhail an bailiú aerfoirt
- Táillí do thiománaithe breise
- Táillí as an ngluaisteán a thabhairt ar ais go mall nó go luath
- Táillí breosla – léigh an polasaí breosla sa chomhaontú cíosa chun táillí breise a sheachaint i gcás gan an gluaisteán a thabhairt ar ais agus lán tanc aige
Cén cineál páipéarachais atá de dhíth?
Nuair a thógtar an gluaisteán cíosa, déan cinnte go bhfuil gach páipéarachas leat agus go dtuigeann tú an próiseas. Beidh sin ina chuidiú chun moilleanna agus táillí a sheachaint ag an deasc cíosa.
- Ceadúnas tiomána: Bíonn taithí dhá bhliain agus láncheadúnas de dhíth ag an gcuid is mó de na comhlachtaí cíosa. Más ag fáil gluaisteán ar cíos thar lear atá tú, seans go mbeidh cead idirnáisiúnta tiomána de dhíth.
- Cárta creidmheasa: De ghnáth, bíonn cárta creidmheasa agus ainm an phríomhthiomanaí ar an gcárta sin chun an éarlais slándála a íoc ag an deasc cíosa. Fiú i gcás cárta dobhair a úsáid lena chur in áirithe, bíonn cárta creidmheasa de dhíth freisin.
- Cruthúnas féiniúlachta agus seoladh: Tabhair leat pas bailí agus/nó bille fóntais chun d'fhéiniúlacht agus seoladh baile a dheimhniú.
Ar chóir duit rudaí eile a sheiceáil sula n-imíonn tú ón áit cíosa?
Bá chóir na rudaí seo a leanas a sheiceáil:
- Súil ghearr a thabhairt ar iomlán an ghluaisteáin le feiceáil an bhfuil damáistí ann cheana féin, amhail scríoba, dingeacha nó loirg.
- Má bhíonn damáiste ar bith ann, faigh an léaráid ón gcomhlacht cíosa leis na damáistí sin a mheaitseáil. Déan sin a athbhreithniú go cúramach le bheith cinnte go bhfuil gach damáiste ar an léaráid sin.
- Amharc ar an gcumhdach taobh istigh le feiceáil an bhfuil aon stróiceadh, smál, spota dóite nó loirg ar bith eile ann.
- Iarr ar an gcomhlacht cíosa gach rud sin a thaifeadadh sula n-imíonn tú.
- Glac grianghraif shoiléir den taobh amuigh agus den taobh istigh.
- Bain triail as na soilsí uile, agus amharc ar an ngaothscáth le feiceáil an bhfuil scealpóg, scoilt nó rud ar bith eile ann.
- Mura bhfuil tú sásta le bail an ghluaisteáin, tabhair ar ais láithreach é agus mínigh sin leis an gcomhlacht cíosa. Ciallaíonn sin nach gcuirfear an locht ort faoi na damáistí.
- Iarr faoin bpolasaí le haghaidh táillí dolaí, agus faigh amach ar chóir duit íoc astu nó an gcuirfear leis an mbille iad.
Cad faoin ngluaisteán a thabhairt ar ais?
Deir an comhaontú cíosa na rialacha maidir leis an ngluaisteán a thabhairt ar ais. Déan cinnte go ndéanfaidh an comhlacht cíosa iniúchadh ar an ngluaisteáin agus sínigh le haghaidh damáistí ar an tuarascáil damáistí.
Ní mór don chomhlacht do bhille a dhruidim agus tú ansin. Mura ndéantar amhlaidh, ní mór daoibh tuarascáil sonraithe ar gach táille a ngearrtar, mar aon le heolas ar dhóigheanna lena cheistiú.
Cad a tharlaíonn má chliseann an gluaisteán nó má dhéantar damáiste dó?
Cliseadh an ghluaisteáin cíosa
Má chliseann an gluaisteáin, cuir scairt orthu agus lean na treoracha uathu. Ná heagraigh obair dheisiúcháin tú féin.
Timpiste sa ghluaisteán cíosa
I gcás timpiste, faigh ainmneacha agus seoltaí gach duine a bhí ann. Má ghortaítear duine ar bith, nó má bhíonn easaontas ann, cuir scairt ar na póilíní. Déan teagmháil láithreach leis an gcomhlacht cíosa freisin.
Má thugann tú an gluaisteán ar ais agus damáistí leis, ní mór don chomhlacht gach táille a mhíniú, lena n-áirítear costais deisiúcháin, cíos caillte agus an gluaisteán á dheisiú acu, táillí tarraingthe nó luach laghdaithe an ghluaisteáin.
I gcás an gluaisteáin á fháil ar cíos agat ó idirghabhálaí cur in áirithe, amhail trí shuíomh gréasáin comparáide nó ó dhíoltóir eitilte/lóistín, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leo freisin i gcás fadhb do ghluaisteáin cíosa bheith ann.
Conas gearán a dhéanamh ar ghluaisteán ar cíos?
Má bhíonn gearán agat, déan teagmháil i scríbhinn leis an gcomhlacht cíosa. Mura bhfuil sé sin sásúil, lean próiseas gearán an chomhlachta. Foghlaim conas gearán a dhéanamh.
Cad faoi fhadhbanna le do ghluaisteán cíosa agus tú ar saoire san Eoraip?
Má bhíonn tú ar saoire san Aontas Eorpach, agus tagann fadhbanna gluaisteáin cíosa chun cinn, bíonn cearta tomhaltóirí go fóill agat. Is féidir tuilleadh eolais ar ghluaisteáin faighte ar cíos san AE mar aon le teimpléid le haghaidh gearáin ar shuíomh gréasáin de chuid Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí in Éirinn – Gluaisteáin a fháil ar cíos – Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí in Éirinn.

