Scéim Teanga
Is í seo an chéad Scéim teanga 2021-2024 de chuid an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) agus beidh sí i bhfeidhm don tréimhse 2021-2024. Forálann Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 go réiteoidh comhlachtaí poiblí Scéim Teanga ina dtabharfar sonraí maidir leis na seirbhísí a sholáthróidh siad:
- trí mheán na Gaeilge;
- trí mheán an Bhéarla, agus;
- trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla;
agus na bearta a chuirfear i bhfeidhm d’fhonn a chinntiú go mbeidh aon seirbhís nach bhfuil an comhlacht ag soláthar trí mheán na Gaeilge faoi láthair á cur ar fáil taobh istigh de thréimhse ama a bheidh aontaithe.

