Cairt - Plean Gníomhaíochta Custaiméirí
Cad a dhéanaimid
Is é an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) an comhlacht reachtúil in Éirinn atá freagrach as an dlí um iomaíocht agus cosaint tomhaltóirí a chomhlíonadh, a chur chun cinn agus comhlíonadh a fhorfheidhmiú. Déanfaimid ár ndícheall leas tomhaltóirí a fheabhsú ar fud an gheilleagair trí 40 ionstraim reachtach a fhorfheidhmiú, lena náirítear reachtaíocht um shábháilteacht táirgí.
Is é an aidhm atá againn ná go bhfeidhmeodh margaí ar bhealach níos fearr do thomhaltóirí. D’fhonn é sin a bhaint amach, oibrímid chun tionchar a imirt ar an díospóireacht phoiblí agus ar bheartais a fhorbairt, tuiscint an phobail a mhéadú faoin tábhacht a bhaineann le margaí oscailte agus iomaíocha, iomaíocht a chur chun cinn agus aird a tharraingt ar leasanna tomhaltóirí.
Cuirimid eolas ar fáil do thomhaltóirí maidir leis na cearta atá acu, airgead pearsanta agus sábháilteacht táirgí, trí líne chabhrach do thomhaltóirí, cuid ar leith dár láithreán gréasáin ccpc.ie, feachtais fheasachta pobail agus trí na tionscnaimh oideachais airgeadais éagsúla atá againn.
Plean Gníomhaíochta Custaiméirí
Conas teagmháil a dhéanamh linn maidir le cúrsaí ginearálta
- Seoladh Poist: Teach Bloom, Sráid an Iarnróid, Baile Átha Cliath 1, D01 C576
- Foirm ‘Déan Teagmháil Linn’: ccpc.ie/consumers/consumers-home/contact/form/
- Ríomhphost:
- Is féidir ceisteanna tomhaltóirí a sheoladh chuig ask@ccpc.ie
- Is féidir gearáin chomórtais a sheoladh chuig Complaints@ccpc.ie
- Suíomh Gréasáin: www. ccpc.ie
- Guthán: +353 (0)1 4025555
- Facebook: facebook.com/CCPC.ie
- Twitter: twitter.com/CCPCIreland
Moltaí, Tuairimí agus Gearáin
Más mian leat aiseolas a thabhairt, seol ríomhphost chuig servicecharter@ccpc.ie. Déanfaidh an Bainisteoir um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí gearáin a fhiosrú agus tabharfar freagra orthu laistigh de 10 lá oibre.
Ár n-gealltanais duitse
- Freagair gach glao chomh tapa agus is féidir i rith uaireanta oscailte
- Admháil a thabhairt do chomhfhreagras i scríbhinn a fháil laistigh de 5 lá oibre agus é mar aidhm freagra iomlán i scríbhinn a sholáthar, nuair is gá, laistigh de 15 lá oibre
- Freagra a thabhairt ar cheisteanna ó na meáin shóisialta laistigh de 24 uair an chloig i rith na seachtaine oibre
An tOmbudsman
Más rud é, tar éis an phróisis inmheánaigh gearán, go bhfuil tú fós míshásta, d’fhéadfá teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman:
- Trí fhoirm ghearáin a chur isteach trína suíomh gréasáin, ombudsman.ie , nó
- I scríbhinn chuig Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2 D02 W773

