Treoir um shábháilteacht táirgí
Ról an CCPC le haghaidh sábháilteachta táirgí
Tá sé tábhachtach go gceannaíonn tomhaltóirí táirgí atá sábháilte agus go gcomhlíonann na táirgí sin rialacháin sábháilteachta an Aontais. Tá CCPC freagrach as cinntiú go bhfuil neart táirgí a dhíoltar in Éirinn, go gcomhlíonann na táirgí sin rialacháin áirithe. Is féidir tuilleadh eolais ar ról an CCPC le haghaidh sábháilteachta táirgí mar aon lenár bhfreagrachtaí a fheiceáil anseo.
Cad a dhéanaimid chun custaiméirí a chosaint?
- Déanaimid gearáin táirgí neamhshábháilte ó thomhaltóirí a fhiosrú.
- Oibrímid le Custaim chun bac a chur ar tháirgí neamhshábháilte margaí na hÉireann a bhaint amach.
- Iniúchaimid táirgí le cinntiú go gcomhlíonann siad caighdeáin agus aon reachtaíocht chuí.
- Tugaimid comhairle do dhéantóirí, soláthraithe, miondíoltóirí agus na forais ionadaíochta a bhaineann leo faoina bhfreagrachtaí mar gheall ar reachtaíocht sábháilteachta táirgí.
- Cuirimid in iúl do thomhaltóirí faoi tháirgí neamhshábháilte trí ár mbunachar sonraí aistarraingtí táirgí.
- Bainistímid ionchur na hÉireann ar chóras aistarraingtí mear-rabhaidh um sábháilteacht táirgí de chuid an AE – Safety Gate.
Cad a dhéantar i gcás táirge a aistarraingítear a cheannach
- Abair leis an miondíoltóir. Is féidir locht ar leith a bhaineann le do tháirge féin bheith ann, agus mar sin beidh tú i dteideal deisiúcháin, earra ionaid, laghdú praghas nó i dteideal aisíocaíochta. Beidh fianaise ceannacháin de dhíth amhail admháil nó ráiteas bainc / cárta creidmheasa.
- Mura bhfuil tú sásta le sábháilteacht an táirge i ndiaidh sin, déan teagmháil láithreach linn le sonraí an táirge agus cá háit ar cheannaigh tú é.
Cad faoi táirge contúirteach a fháil?
Má thagann tú ar tháirge contúirteach atá ar díol, nó má cheannaíonn tú rud atá neamhshábháilte, ní mór sin a thuairisciú linn. Is féidir tuairisc a dhéanamh anseo – táirge neamhshábháilte a thuairisciú.
Eagraíochtaí eile le ról sábháilteachta táirgí:
| Táirge | Freagrach as faireachán a dhéanamh air |
| Innealra, ceimiceáin agus trealamh cosanta pearsanta atá in úsáid san áit oibre, amhail clogaid oibre | An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta |
| Gléasanna leighis, cosmaidí agus earraí cógaisíochta | An tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte |
| Gutháin póca agus trealamh raidió, amhail fearas nó gléas ar bith a bhfuil Bluetooth nó idirlíon acu | An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide |
| Bia agus forlíontaí | Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann |
| Táirgí tógála | An Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil |
Cad a dhéantar i gcás teacht ar tháirge contúirteach nó neamhshábháilte
Ní mór do ghnóthaí (lena n-áirítear déantóirí, iompórtálaithe, soláthraithe agus miondíoltóirí) táirgí sábháilte amháin a chur leis an margadh. I gcás gnó bheith curtha in iúl go bhfuil táirge neamhshábháilte leis an margadh, agus go bhfuil an táirge sin contúirteach do thomhaltóirí, ní mór don ghnó sin an táirge a bhaint. Má tharlaíonn a leithéid, is féidir leis an ngnó:
- Teagmháil a dhéanamh leat chun obair deisiúcháin, athshuiteáil, nó páirt ionaid a chur ar fáil. Is annamh a dhéantar athrú ionaid ar ghluaisteáin, ach is féidir páirteanna lochtacha a athrú nó a dheisiú.
- Rabhaidh agus eolas a thabhairt faoin táirge lochtach trí fhógraí meáin agus trí fhógraí sna siopaí. Cuir in iúl don déantóir agus do CCPC.
- An táirge a aistarraingt (é a bhaint ón margadh).
Má chluineann tú faoi tháirge aistarraingthe ar cheannaigh tú, léigh sonraí an táirge aistarraingthe go cúramach le haghaidh uimhreacha an mhúnla, uimhreacha baisce agus bliain an déantúis. Seans nach aistarraingítear ach baisc áirithe, nó seans go mbeidh an fhadhb ann i dtíortha eile amháin.
Léigh treoracha an fhógra aistarraingthe táirge go beacht.

