Skip to Content

Cad iad cearta aerphaisinéirí?

Ar an leathanach seo tá eolais faoi do chearta aerphaisinéirí agus tú ag taisteal san AE, sa LEE (Limistéar Eorpach Eacnamaíoch) nó san Eilvéis, agus cad a dhéantar i gcás eitiltí moillithe nó curtha ar ceal – nó fiú i gcás gan ligtear ar bord thú. Léamh freisin faoi na dóigheanna le cúiteamh a fháil, cad a tharlaíonn má chailltear do bhagáiste nó má dhéantar damáiste dó agus na cearta ar leith atá ag daoine a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe acu. Lena chois sin, is féidir eolas ar árachas taistil a fháil anseo, mar aon le cá háit le dul má bhíonn cuidiú ag teastáil uait.

Cad iad do chearta aerphaisinéirí agus tú ag taisteal san AE, sa LEE nó san Eilvéis?

Nuair is aerphaisinéir thú, agus má théann rud éigin amú, tá cearta agat faoi dhlí an Aontais. Tá feidhm ag na cearta sin:

  • I gcás tú bheith ag eitilt sa LEE (sin an AE, an Iorua agus an Íoslainn) agus san Eilvéis.
  • I gcás tú bheith ag eitilt le haerlíne de chuid an LEE nó na Eilvéise chuig áit atá taobh amuigh den LEE nó d'Eilvéis.
  • I gcás tú bheith ag eitilt le haerlíne de chuid an LEE nó na Eilvéise chuig an LEE nó an Eilvéis ó thír ar bith eile.

Údarás Eitlíochta na hÉireann (IAA) freagrach as rialacha an Aontais a fhorfheidhmiú ar eitiltí in Éirinn.

Cad a tharlaíonn nuair a chuirtear moill ar d'eitilt?

Má chuirtear moill shuntasach ar d'eitilt, tá freagrachtaí áirithe ag an aerlíne chun cúram agus cúnamh a thabhairt – ag brath ar fhad na heitilte agus ar fhad na moille.

Tá feidhm ag na freagrachtaí sin:

  • I gcás eitiltí 1,500 km (nó níos lú), agus moill ar a laghad de dhá uair a chloig ann;
  • I gcás eitiltí níos faide ná 1,500 km laistigh den LEE agus Eilvéis nó i gcás eitiltí ó thíortha eile idir 1,500 agus 3,000 km, agus moill ar a laghad de thrí uair a chloig ann;
  • I gcás eitiltí níos faide ná 3,000 km, agus moill ar a laghad de cheithre uair a chloig ann.

Ciallaíonn 'cúram agus cúnamh':

  • Bia agus sólaistí (ag brath ar fhad na moille);
  • Lóistín óstáin, más gá;
  • Taisteal chuig an óstán, más gá;
  • Dhá scairt gutháin agus ríomhphoist. Dá mbá rud é nach gcuireann an aerlíne an cúram agus an cúnamh sin ar fáil, coinnigh gach admháil chun an t-airgead sin a éileamh ar ais ón aerlíne.

An féidir liom cúiteamh a fháil d'eitiltí moillithe

Má bhaineann tú do cheann scríbe amach agus tá tú ar a laghad trí uair mall le sin a dhéanamh, tá tú i dteideal cúitimh. Athraítear an cúiteamh sin de réir fad na heitiltí – idir eitiltí gearraistir, eitiltí meánaistir agus eitiltí cianaistir. Is féidir tuilleadh eolais ar cad é mar is féidir fad d'eitilte a mheas agus cá mhéad cúiteamh a bhaineann leis, is féidir sin a fháil ar shuíomh gréasáin Údarás Eitlíochta na hÉireann.

Cad iad mo chearta i gcás m'eitilt bheith curtha ar ceal?

I gcás d'eitilt bheith curtha ar ceal, is féidir aisíocaíocht a fháil nó is eitilt eile a fháil ina áit (rud ar a dtugtar athródú).

Aisíocaíochtaí

Má bhíonn nasceitilt ann, ní mór don aisíocaíocht an t-aistear iomlán a clúdach, lena n-áirítear an eitilt ar ais chuig d'aerfort tosaigh, más gá. Má ghlacann tú le haisíocaíocht, ach ansin caithfidh tú eitilt eile a fháil le do cheann scríbe a bhaint amach, agus má bhíonn an ticéad nua sin níos costasaí, is féidir na costais sin a éileamh chomh maith.

Eitilt eile a ghlacadh

Má ghlacann tú le heitilt eile (athródú), seans go mbeidh tú i dteideal cúitimh. Tá sin ag brath ar cá huair a bhíonn an cealúchán á fhógairt ag an aerlíne (tuilleadh eolais thíos). Agus tú ag fanacht ar d'eitilt nua, ní mór don aerlíne bia agus deochanna a thabhairt leat (agus lóistín, más gá).

Má ghlacann tú le heitilt eile, is féidir an chéad cheann eile a ghlacadh, nó is féidir fanacht go dáta atá níos oiriúnaí. Ní bhíonn teorainn ama ann le heitilt eile a chur in áirithe, ach déanfaidh an aerlíne sin a dhéanamh chomh luath is féidir, de ghnáth.

I gcás go gcaithfidh tú dul go aerfort eile sa chathair chéanna, mar gheall ar an athródú, ní mór don aerlíne íoc as do mhodh iompair chuig an aerfort eile sin a bhí mar cheann scríbe agat, nó áit eile réamhaontaithe agat.

An féidir liom cúiteamh a fháil ó eitiltí curtha ar ceal?

Is féidir cúiteamh a fháil, fiú i gcás athródú. Ach leis sin ráite, tá neart eisceachtaí ann.

Mar shampla:

  • Nuair a cuirtear in iúl agat faoin eitilt bheith curtha ar ceal níos mó ná 14 lá roimh imeacht na heitilte sin.
  • Nuair nach raibh aon smacht ag an aerlíne ar an gcealúchán nó ar an athrú – amhail drochaimsir nó fadhbanna slándála.

Ní bhfaighidh tú cúiteamh i gcás an cealúchán a bheith curtha in iúl agat idir 7 agus 14 lá roimh imeacht d'eitilte, agus má chuireann an aerlíne seo a leanas ar fáil:

  • Eitilt nua ag imeacht chan níos mó ná 2 uair níos luaithe ná an buneitilt.
  • Eitilt nua ag tuirlingt chan níos mó ná 4 uair níos faide ná an buneitilt.

Ní bhfaighidh tú cúiteamh i gcás an cealúchán a bheith curtha in iúl agat 7 lá roimh imeacht d'eitilte, agus má chuireann an aerlíne seo a leanas ar fáil:

  • Eitilt nua ag imeacht chan níos mó ná 1 uair amháin níos luaithe ná an buneitilt.
  • Eitilt nua ag tuirlingt chan níos mó ná 2 uair níos faide ná an buneitilt.

Dá mbá rud é go bhfuil moill ar an eitilt nua sin, ach moill idir 2 agus 4 uair a chloig bheith ann ar d'am isteach, d'fheadfadh laghdú de chaoga faoin gcéad bheith ann roimh aon chúiteamh a bheas i dteideal agat. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar chúrsaí cúitimh ó shuíomh gréasáin de chuid Údaráis Eitlíochta na hÉireann.

Cad faoi stop a chur orm dul ar bord na heitilte?

Má chuirtear stop ort dul ar bord na heitilte toisc gur rinneadh an aerlíne ró-áirithint ar an eitilt, is féidir aisíocaíocht, nó athródú nó athchur in áirithe a dhéanamh. Beidh tú i dteideal cúitimh sa chás sin. Is féidir léamh faoi na rátaí cúitimh ar  shuíomh gréasáin IAA.

Ní bhíonn tú i dteideal cúitimh má chuirtear stop ort dul ar bord, ach is mar gheall ar aon rud de na rudaí seo a leanas ina chuirtear stop ort:

  • Nuair nach bhfuil na doiciméid taistil cheart agat, amhail pas nó víosa (má bhíonn víosa de dhíth) nó mura bhfuil doiciméid taistil agat do pheataí;
  • Nuair a chuirtear eitilt ar ais in áirithe ach ní raibh tú ar an eitilt amach;
  • Nuair a chuirtear nasceitilt in áirithe ach ní raibh tú ar an chéad eitilt ar an aistear sin.

Cad iad na cearta atá agam má scriostar, má chailltear, nó má chuirtear moill ar mo bhagáiste?

Nuair a sheiceáiltear isteach malaí, is leis an aerlíne an fhreagracht do na malaí sin má tharlaíonn aon rud. Má dhéantar scrios ar do bhagáiste láimhe, ní leis an aerlíne an fhreagracht sin ach ab ea gur an aerlíne a rinne an damáiste.

I gcás go gcuirtear moill ar bhagáiste, is leis an aerlíne an fhreagracht ach amháin sa chás go ndearna siad gach rud leis an moill sin a sheachaint. Toisc go bhfuil feidhm ag Coinbhinsiún Montréal, is féidir cúitimh a éileamh ar mhálaí moillithe. Bíonn an cúiteamh sin do mhálaí moillithe ag brath ar fhad na moille, go háirithe d'earraí riachtanacha, nó is minic a aisíoctar costais réasúnacha amhail earraí níocháin agus éadaí. Nuair a bhíonn moill fhada ann – níos mó ná 21 lá – is minic a chuirtear isteach éilimh le haghaidh bagáiste caillte. Mar gheall ar rialacha an Aontais, ní do málaí moillithe amháin a thugtar cúitimh airgid, ach is féidir é a fháil d'eitiltí moillithe níos mó ná 3 uair an chloig, ag brath ar fhad na heitilte. Coinnigh lipéad an bhagáiste sin a fhaightear nuair a sheiceáiltear isteach an mála. Beidh uimhir an lipéid sin de dhíth ar an aerlíne le dul sa tóir ar do bhagáiste.

Más rud é go bhfuil moill go fóill ar do mhála i ndiaidh 21 lá, deirtear gur mhála caillte anois é. Is féidir cúiteamh le haghaidh málaí caillte a fháil ón aerlíne.

Cad is fiú dom a dhéanamh i gcas mála caillte, mála moillithe nó mála scriosta?

Má bhaintear aerfort do cheann scríbe amach, agus níl do mhála le feiceáil, déan sin a thuairisciú chuig an aerlíne sa halla bagáiste agus líon isteach an Tuarascáil Neamhrialtachta Maoine (PIR). Coinnigh do chárta bordála mar aon le do uimhir lipéid bagáiste, agus iarr orthu cóip den PIR a fháil – a fhad is go mbeidh taifead agat. Beidh ort admhálacha do gach rud atá á éileamh agat, beidh ort sin a chur ar fáil. Seo a leanas na hamscálaí le héilimh a dhéanamh le haerlínte:

  • Mála scriosta: Ní mór gearán a dhéanamh nach mó ná seacht lá i ndiaidh duit do mhála a fháil
  • Mála moillithe: Ní mór gearán a dhéanamh nach mó ná 21 lá i ndiaidh duit do mhála a fháil ar ais
  • Mála caillte: Ní mór gearán a dhéanamh i ndiaidh 21 lá gan do mhála a fháil ar ais (agus nach mór ná dhá bhliain i ndiaidh sin)

Cad iad mo chearta má bhíonn soghluaisteacht laghdaithe nó míchumas orm?

Tá cearta ar leith ag aerphaisinéirí a bhfuil míchumas nó soghluaisteacht laghdaithe orthu. Ní mór do chomhlachtaí taistil, aerlínte agus údaráis aerfoirt cuidiú praiticiúil a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil míchumas nó sóghluaiseacht laghdaithe orthu, ní mór dóibh siúd sin a dhéanamh saor in aisce.

Is féidir cúnamh le haghaidh soghluaisteachta laghdaithe a iarraidh i ngach aerfort de na ballstáit AE, agus den Iorua. Le tuilleadh eolais a fháil ar chúrsaí taistil agus soghluaisteacht laghdaithe, gabh chuig suíomh gréasáin IAA.

Cad a tharlaíonn má bhíonn fadhb agam leis an eitilt, agus árachas taistil a bheith agam chomh maith?

Má thagann fadhbanna leis an eitilt chun cinn, agus má bhíonn tú i dteideal cúitimh ar na fadhbanna sin, is féidir éilimh a dhéanamh ar airgead caillte má bhíonn árachas taistil agat. Léigh do théarmaí polasaithe le feiceáil cad is féidir á éileamh.

Tá fadhb agam le heitilt agus tá mé ar saoire san AE, cad é atá le déanamh agam?

Má bhíonn fadhbanna agat le heitilt agus tú ar saoire san AE, seans go mbeidh cearta tomhaltóirí go fóill agat. Is féidir tuilleadh eolais ar eitiltí agus cearta tomhaltóirí an AE a léamh ar shuíomh gréasáin Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí na hÉireann.

How can the European Consumer Centre Ireland help you?

The European Consumer Centre Ireland (ECC Ireland) is a service provided by the CCPC to help consumers if they have a problem with a business in another EU country, Iceland, Norway or the UK. ECC-IE provides information about your rights when shopping and travelling in the EU, as well as complaint letter templates.

Learn more