Skip to Content

Cad é mar a bhaintear úsáid as plean gníomhaíochta fiachais de chuid CCPC

Cuidíonn plean gníomhaíochta fiachais de chuid CCPC, cuidíonn sin d'airgeadas a rialú nó is féidir an plean a úsáid le fiachas a aithint, buiséad réalaíoch a chruthú agus le comhoibriú a dhéanamh le hiasachtóirí chun aisíocaíochtaí inacmhainne a dhéanamh. Ar an leathanach seo feictear ceithre chéim an phlean, dóigheanna le híocaíochtaí a chur in ord tosaigh agus áiteanna ina dtugtar tacaíocht iontaoibhe amhail an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) agus Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann (ISI). Gabh chuig backontrack.ie chun comhairle agus acmhainní iontaoibhe saor in aisce a fháil.

Plean 4-chéim gníomhaíochta fiachais de chuid CCPC

Cuidíonn Plean 4-chéim gníomhaíochta fiachais de chuid CCPC le fiachas reatha a aithint agus gníomhartha a chur ar bonn chun sin a laghdú ar dhóigh atá inmharthana soláimhsithe.

Céim 1 - Déan liosta de gach fiachas

Cuir in ord tosaithe iad gach fiachas príomha agus gach fo-fhiachas. Is ionann fiachas príomha agus na híocaíochtaí sin a bheas iarmhairtí tromchúiseacha bainte leo i gcás gan iad a íoc. Ag seo cúpla sampla d'fhiachas príomha:

  • An morgáiste nó an cíos
  • Billí fóntais
  • Costais leanúnacha leighis

I gcás gan na rudaí thuas luaite a íoc, is féidir do theach a chailliúint, bheith curtha as seilbh do thí, bheith gearrtha as seirbhísí fóntais nó tinneas trom.

Is ionann an fo-fhiachas agus íocaíochtaí nach mbeidh na hiarmhairtí céanna bainte leo i gcás gan iad a íoc. Tá sé tábhachtach gan neamhaird a dhéanamh orthu, áfach. Seo cúpla sampla d'fho-fhiachas.

I ndiaidh na bunchostais riachtanacha a dhéanamh, cuir gach fiachas sin a bhfuil rátaí airde úis nó na cinn le APR (Rátaí Céatadánacha Bliantúla) níos airde, cuir sin in ord tosaithe. Ardaíonn gach fiachas ar ús ard, ardaíonn sin ar luas lasrach. I gcás na cinn sin a íoc go gasta, beidh níos lú ús agat san iomlán - rud a fhágann níos mó airgid i do phóca. 

Céim 2 - Leag amach do bhuiséad

Amharc ar gach rud atá tú i dteideal

Ní mór amharc le feiceáil an bhfuil tú á fháil gach rud atá tú i dteideal dó, de réir do chúinsí:

  • Ioncam (m.sh. cáin ar ais, creidmheasanna cánach, díolúintí, srl.)
  • An Roinn Coimirce Sóisialaí (an bhfuil tú ag éileamh gach faoiseamh cíosa, nó tacaíochtaí ioncaim srl?)
  • Faisnéis do Shaoránaigh (tabharfaidh siad comhairle níos leithne ar gach cúinse saoil agus chan cúrsaí cánach nó leas sóisialta amháin)

Céim 3 - Déan teagmháil le d'iasachtóirí agus dul trí na roghanna atá agat

Chomh luath agus a mheasann tú go mbeidh fadhb agat íocaíocht a dhéanamh, déan teagmháil leis an iasachtóir sin Ná fan go dtí i ndiaidh na híocaíochta - nuair a dhéantar teagmháil luath, bíonn níos mó roghanna ann agus is féidir stop a chur le fadhbanna níos mó.

Agus teagmháil a dhéanamh leis an iasachtóir, bí cinnte go bhfuil seo a leanas agat:

  • Liosta de do tháirgí creidmheasa uile, mar aon lena n-iarmhéideanna agus lena rátaí úis. Do bhuiséad - leag amach cá mhéad ar féidir a íoc as an bhfiachas

Pléigh roghanna amhail na roghanna seo:

Roghanna réitigh fhiachais le d'iasachtóir. Seo chugat cúpla rogha réitigh fhiachais:

Más fiachas de thoradh ar chomhaontú fruilcheannaigh é d'fhiachas, faigh amach faoi do roghanna.

If you are dealing with mortgage debt, there is a dedicated process for mortgage arrears, find more information on our riaráistí morgáiste.

Céim 4 - Déan d'íocaíochtaí nua a bhainistiú

De réir comhairle d'iasachtóra, ní mór buiséad nua a leagadh amach agus clúdaigh d'ioncam, d'íocaíochtaí nua agus do chostais laethúla.

Cá bhfaighim cuidiú le fadhbanna móra fiachais?

Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (SBCA)

Seirbhísí agus tacaíochtaí eile

Más ag streachailt le fiachas cearrbhachais atá tú, níl tú leat féin

Tá céimeanna praiticiúla amuigh ansin chun d'airgeadas a smachtú. Is é an chéad chéim ná do nósanna cearrbhachais a thuiscint, agus is féidir uirlisí amhail an Innéacs Déine le haghaidh Chearrbhachas Fadhbach ó Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann (GRAI) le rioscaí a mheasúnú.

Is féidir cosc a chur ar na fógraí cearrbhachais trí bhogearra dianchoisc a úsáid. Smaoinigh ar an bhféintoirmeasc. Iarr ar do bhanc idirbhearta cearrbhachais a chosc.

Más cúis imní é an fiachas, déan rud éigin agus déan go luath é - tá tacaíocht ar fáil ó MABS, ISI agus ó Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann. Ná déan dearmad go bhfuil cuidiú amuigh ansin, agus níl tú leat féin leis an bhfiachas cearrbhachais.

 Eagraíochtaí tábhachtacha 

Tá an cearrbhachas andúile. Is féidir cóireáil a fháil ó seirbhísí andúile de chuid HSE. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo trí d'oifig sláinte áitiúil nó do GP. 

Seo chugat roinnt eagraíochtaí eile ar féidir cuidiú leat: 

Comhlachtaí bainistíochta fiachais

Is féidir le comhlachtaí bainistíochta fiachais cuidiú le gach fiachas a chur in eagar, agus thig leo bheith i mbun idirbheartaíochta le creidiúnaithe, ach ní mór bheith airdeallach fúthu. In Éirinn, tá comhlachtaí bainistíochta fiachais á rialú ag an mBanc Ceannais agus caithfidh siad rialacha diana le haghaidh chosaint thomhaltóirí a leanúint. Sula úsáidtear comhlacht bainistíochta fiachais, ní mór faigh amach gur chomhlachtaí údaraithe iad agus cuir ceist orthu faoi gach táille agus muirear.

Ná déan dearmad go bhfuil comhairle iontaoibhe saor in aisce ar fáil ó MABS. Má ghlacann tú le comhlacht bainistíochta fiachais, déan cinnte go dtuigeann tú an tseirbhís iomlán, lena n-áirítear an costas iomlán agus aon athrú a bheas ar do thaifead creidmheasa

Glac do chuid ama leis na roghanna, agus ná bíodh brú ort conradh a dhéanamh leo ar an toirt. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Sheirbhísí Bainistíochta Fiachais de chuid Bhanc Ceannais na hÉireann.