Skip to Content

Cad iad na oibleagáidí dlíthiúla gnó agus seirbhísí á chur ar fáil agat?

Tá cearta láidir tomhaltóirí ag tomhaltóirí a cheannaíonn ó ghnóthaí lonnaithe in Éirinn agus san AE araon. Tá na cearta seo mar chuid den Acht um Chearta Tomhaltóirí, 2022 agus tá feidhm acu faoi sheirbhísí a dhíoltar ó 29 Samhain 2022 ar aghaidh.

Ar an leathanach seo - do phríomhfhreagrachtaí, faoi réir dlí na dtomhaltóirí, i gcás na nithe seo a leanas:

  • D’oibleagáidí dlíthiúla ar thomhaltóirí
  • Ceisteanna seirbhíse a réiteach nuair nach gcomhlíonann tú d’oibleagáidí
  • Eolas a sholáthar do thomhaltóirí
  • Ceart na dtomhaltóirí chun cur ar ceal

Ní hionann an leathanach seo agus comhairle dlí. Bíonn oibleagáidí dlíthiúla i bhfeidhm ag do gnó, agus lena n-oibleagáidí dlíthiúla sin a thuiscint, ní mór comhairle dlí neamhspleách a lorg.

Leagtar amach san Acht um Chearta Tomhaltóirí, 2022 do fhreagrachtaí ar thomhaltóirí, lena n-áirítear cad é mar a réitítear ceisteanna agus cad iad na cineálacha eolais ar chóir duit a chur ar fáil. Gach uair a dhíolann tú rud chuig tomhaltóir, tosaíonn tú conradh leo agus ní mór don chonradh sin feidhmiú de réir an dlí.

Cad is rud iad oibleagáidí suibiachtúla gnó?

Gach uair a dhíolann tú rud chuig custaiméir, tosaíonn tú conradh leo. Folaítear i dlí na dtomhaltóirí go gcaithfidh tú do sheirbhís a sholáthar de réir mar a sonraíodh sa chonradh é. Tugtar na hoibleagáidí suibiachtúla ar na freagrachtaí sin. Ní mór cinnte a dhéanamh:

  • Go gcuirtear ar fáil do sheirbhís de réir na téarmaí conartha a aontaíodh idir tusa agus an tomhaltóir
  • Go bhfuil do sheirbhís ag teacht le chéile le gach fógra nó eolas i scríbhinn/ó bhéal a tugadh
  • Go bhfuil do sheirbhís oiriúnach don fheidhm a aontaíodh agat agus ag an tomhaltóir

Cad is rud iad oibleagáidí oibiachtúla gnó?

Folaítear i dlí na dtomhaltóirí go gcaithfidh tú ionchais réasúnta na dtomhaltóirí a chomhlíonadh nuair a sholáthraíonn tú an tseirbhís.  Tugtar oibleagáidí oibiachtúla orthu sin. Ní mór duit:

  • Na scileanna cuí bheith agat agus an tseirbhís a sholáthar le cúram réasúnta
  • Na caighdeáin arda a fógraíodh a bhualadh
  • Na caighdeáin ó fhoras proifisiúnta ar bith a bhfuil ballraíocht agat leis a chomhlíonadh
  • Na cóid chleachtais a fógraíodh a leanúint
  • Na hábhair atá oiriúnach don fheidhm a fógraíodh a úsáid
  • Na caighdeáin a gealladh ar gach fógra nó ó gach píosa eolais i scríbhinn/ó bhéal a chinntiú

Ní mór gach ceist seirbhíse a réiteach ach ab ea é a chur in iúl leis an tomhaltóir nach raibh seirbhís ag teacht le chéile le riachtanas áirithe ar léith agus gur glacadh leo.

Cá fhad a bhíonn oibleagáidí agat?

Tá sé de cheart ag tomhaltóirí ceisteanna a réiteach suas go 6 bliana. Go ginearálta, tosaíonn an 6 bliana ón dáta:

  • Ina sholáthraítear seirbhís aon-uaire
  • Nuair a bhíonn fadhb ag an tomhaltóir le seirbhís a sholáthraíonn tú ar bhonn leanúnach

Ní mór duit cinntiú go seachadtar do sheirbhís gan mórán briseadh suntasach leis.

Cad é mar a réitítear ceisteanna seirbhísí

Mura n-éiríonn leat d’oibleagáidí a dhéanamh le tomhaltóirí, ní mór duit an fhadhb a réiteach:

  • Gan pingin a iarraidh ón gcustaiméir
  • Laistigh de thréimhse ama réasúnta (an tréimhse ama is gairide lena réiteach)
  • Sin a dhéanamh gan mórán cur isteach ar an gcustaiméir

Is féidir le Tomhaltóirí aisíocaíocht nó laghdú praghais a iarraidh:

  • Má bhíonn ceist thromchúiseach ann
  • Mura n-éiríonn leat, nó má bhíonn sé dodhéanta an cheist a réiteach nó sin a dhéanamh laistigh d’am réasúnta
  • Má theipeann ar réitigh eile chun an fhadhb a réiteach

Conas ar féidir le tomhaltóirí deireadh a chur le conarthaí agus aisíocaíochtaí a fháil?

Le deireadh a chur ar an gconradh, ní mór don tomhaltóir:

  • Cur in iúl duit go bhfuil siad ag iarraidh deireadh a chur leis an gconradh
  • Gach earra fisiceach a bhaineann leis an seirbhís a thabhairt ar ais chugat, ar do chostais féin, agus gan mórán moille
  • Stop a chur leis an seirbhís

Agus earraí fisiceacha a thabhairt ar ais acu, ní mór dóibh:

  • Gach earra nó ábhar a sholáthar leis an gconradh seirbhíse a chur ar fáil le bheith bailithe ag an trádálaí, nó 
  • Na hearraí a thabhairt ar ais dóibh féin, má aontaíonn an trádálaí agus an tomhaltóir gur chóir sin a dhéanamh agus beidh gach costas sin clúdaithe ag an trádálaí.

Níl trádálaithe in ann earraí nó ábhair a thabhairt ar ais dá mbá rud é go gcuirfear sin isteach go mór ar an tomhaltóir nó má scriosfar réadmhaoin an tomhaltóra i gcás sin a dhéanamh.

  • Ní mór duit an tomhaltóir a aisíoc as an am nach raibh an tseirbhís á chur ar fáil agat de réir an chonartha agus sin a dhéanamh:
  • Trí aisíocaíocht a thabhairt don tomhaltóir laistigh de 14 lá
  • Trí úsáid a bhaint as an modh íocaíochta céanna ina ceannaíodh an tseirbhís (ach ab ea rud eile a aontú)
  • Trí gach seirbhís eile a d’ordaigh an tomhaltóir leis an príomhsheirbhís, trí sin a chur ar ceal – mar shampla, árachas taistil á ordú ag an tomhaltóir agus eitilt aerlíne á cheannach acu.

An féidir leis an tomhaltóir laghdú praghais a iarraidh?

Ní mór don tomhaltóir cur in iúl duit go bhfuil laghdú praghas á iarraidh acu. Beidh an laghdú praghais ag teacht le chéile idir an difir praghais a aontaíodh sa chonradh agus luach laghdaithe an táirge mar gheall ar an cheist. Fágtar fút féin agus faoin tomhaltóir é cad é an laghdú cuí.

Nuair a íocann an tomhaltóir ar airgead síos, ní mór duit:

  • An aisíocaíocht iomlán a sheoladh chucu laistigh de 14 lá
  • Sin a dhéanamh tríd an modh íocaíochta céanna a úsáideadh chun an seirbhís a cheannach (ach ab ea rud eile a aontú acu)
  • Gan táillí breise a ghearradh ar an tomhaltóir

An féidir le tomhaltóirí íocaíochtaí a choinneáil siar le haghaidh ceisteanna seirbhísí gan bheith réitithe? 

I gcás gan an tomhaltóir an t-iomlán bheith íoctha don tseirbhís, is féidir leo íocaíochtaí a choinneáil siar go dtí go réitíonn tú an cheist. Ní mór don iarmhéid a choinnítear siad bheith ag teacht le chéile le luach laghdaithe na seirbhíse mar gheall ar an cheist.

Cén sórt eolais ar chóir duit tabhairt do thomhaltóirí roimh rud a dhíol chucu?

De réir dlí tomhaltóirí na hÉireann, ní mór duit eolas áirithe a chur ar fáil sula síníonn tomhaltóirí conarthaí Athraíonn na sonraí sin ag brath ar cad é mar chuirtear an conradh le chéile é, bíodh sin:

  • I siopa ar leith
  • Ar leac dorais an tomhaltóra
  • Ar achar (amhail ar líne, ar an nguthán, sa phost)

Cad é an t-eolas atá de dhíth do gach díolachán?

Ní mór duit eolas soiléir intuigthe a chur ar fáil sula n-aontaíonn an tomhaltóir le do sheirbhís a úsáid. Má bhíonn easaontas ann, ní mór duit a chruthú gur thug tú an t-eolas chucu. Áirítear air sin:

  • Ainm do ghnó, do sheoladh agus do uimhir gutháin
  • Sonraí na seirbhísí, mura bhfuil sé sin soiléir cheana féin
  • Costas iomlán lena n-áirítear CBL, nó cad é mar a dhéantar an praghas a ríomh i gcás gan an praghas iomlán bheith ar an eolas

Sonraí cuí eile, más infheidhme:

  • Fad an chonartha
  • Táillí breise eile
  • Pé acu an bhfuil ceart chun cur ar ceal ag an tomhaltóir nó nach bhfuil

Cad iad na sonraí breise atá de dhíth le haghaidh díolacháin leac dorais agus ar achar?

Ní mór na nithe seo a chur ar fáil:

  • Do sheoladh ríomhphoist agus do chainéil teagmhála ar líne eile
  • Sonraí íocaíochtaí agus feidhmíochta
  • Socruithe seachadta
  • Téarmaí cealúcháin do chonarthaí nach conradh téarma seasta nó conradh athnuachana uathoibríoch iad
  • Pé acu an bhfuil an phraghsáil bunaithe ar phróifíliú na dtomhaltóirí/iompar ar líne nó nach bhfuil
  • Coinníollacha na n-éarlaisí, más infheidhme

I ndiaidh an conradh a aontú, ní mór duit:

  • Cóip den chonradh sínithe nó den dearbhú a thabhairt don tomhaltóir laistigh de thréimhse réasúnta ama
  • An t-eolas sin a chur ar fáil ar pháipéar ach ab ea go n-iarrann an tomhaltóir ar dhóigh

Cad iad na hoibleagáidí le haghaidh díolacháin ar líne agat?

Agus seirbhísí á dhíol ar líne agat, ní mór:

  • Tomhaltóirí a chur ar an eolas nuair a bhíonn íocaíocht a dhéanamh acu - ní mór do chnaipí bheith soiléir agus focail amhail “oibleagáid chun pá” nó a leithéid a úsáid
  • Roghanna a thabhairt do thomhaltóirí faoi sheirbhísí breise - ní cheadaítear na boscaí sin a cuireadh tic leo

Ní mór do gach earra/rud digiteach a dhíoltar leis nó mar chuid den tseirbhís bheith i gcomhréir leis an gconradh, le haghaidh tuilleadh eolais féach ár leathanach ar tháirgí a dhíol.

Cén sórt eolais ar chóir do mhargaí ar líne a chur ar fáil do thomhaltóirí?

Má bhíonn margadh ar líne faoi do cheannas, ní mór na nithe seo a leanas a chur in iúl do thomhaltóirí:

  • Cad é mar a chuirtear in ord na torthaí
  • Pé acu an gnó nó tomhaltóir iad an díoltóir ar d’ardán
  • Nach mbíonn dlí na dtomhaltóirí i bhfeidhm más tomhaltóir iad an díoltóir
  • Dóigheanna ina roinntear oibleagáidí idir tú féin agus an díoltóir/gnó

Ní mór don eolas sin bheith furasta teacht air agus scríofa go soiléir. Ní mór é a fháil ón bpointe ceannacháin, amhail nasc a dhéanamh de.

An bhfuil eisceachtaí ann don cheart chun eolas a fháil?

Ní gcaithfidh tú an t-eolas thuas luaite a chur ar fáil:

  • Más earraí íseal-luach laethúla agus má dhíoltar sna siopaí iad nó má bhíonn eolas soiléir ann cheana féin
  • Más conarthaí amuigh ón bhfoirgneamh iad atá níos lú ná €50

An féidir le tomhaltóirí conradh seirbhíse a chur ar ceal?

Is féidir le tomhaltóirí seirbhísí a ceannaíodh ar líne, ar an nguthán nó ar leac an dorais a chur ar ceal. Tugtar an tréimhse shuaimhnithe air sin agus is féidir leo aisíocaíocht iomlán nó pháirteach a fháil:

  • Laistigh de 14 lá i ndiaidh dóibh tús a chur leis an gconradh
  • Laistigh de 30 lá le haghaidh díolacháin leac an dorais

Ní gcaithfear fáth nó cúis a thabhairt leis an rud a chur ar ceal.

Nóta: I gcás conradh á chur ar ceal ag tomhaltóir le linn na tréimhse suaimhnithe ach roimh cur ar fáil/cur i gcrích na seirbhíse, beidh ar an tomhaltóir an trádálaí a íoc as an tréimhse ina cuireadh ar fáil/cuireadh i gcrích í, agus mar sin seans nach mbeidh siad i dteideal aisíocaíochta iomlán.

Lena chois sin, i gcás an tseirbhís bheith curtha ar fáil/curtha i gcrích laistigh den 14 lá sin, ní bheidh feidhm ag ceart chun cur ar ceal an tomhaltóra.

Tá eisceachtaí ann le haghaidh conarthaí, a bheas le déanamh ar dáta/tréimhse áirithe, i bhfoirm:

  • Lóistín a sholáthar
  • Earraí a iompar
  • Seirbhísí cíosa gluaisteáin a fháil
  • Lónadóireacht
  • Seirbhísí a bhaineann le cúrsaí fóillíochta
  • Táirgí atá dúnta go daingean le haghaidh cúiseanna sláinte/sláinteachais ach gur osclaíodh iad
  • Earraí déanta ar bhonn pearsanta 

Nóta: Seans go mbeidh eisceachtaí eile ann ag brath ar ábhar an chonartha.

Cad iad d’oibleagáidí nuair a bhíonn cearta um chur ar ceal i bhfeidhm?

Nuair a bhíonn cearta um chur ar ceal ann, ní mór duit:

Sin a chur in iúl don tomhaltóir, lena n-áirítear:

  • An dóigh chun rud a chur ar ceal
  • Na hamscálaí cuí
  • Go gcaithfidh siad íoc as gach seirbhís a úsáideadh roimh an rud a chur ar ceal

Foirm cealúcháin ar pháipéar a chur ar fáil (ach ab ea má iarrtar i bhfoirmeacha eile é)

Aisíocaíochtaí a eisiúint:

  • Laistigh de 14 lá ón rud a chur ar ceal
  • Tríd an mbunmodh íocaíochta ach ab ea rud eile a aontú

Gach seirbhís a bhaineann leis a chur ar ceal (m.sh. árachas taistil le heitilt)

Cad a tharlaíonn i gcás gan sin a chur in iúl don tomhaltóir?

Mura chuirtear an tomhaltóir in iúl faoina chearta chun cur ar ceal:

Síneofar amach an tréimhse cur ar ceal go dtí 12 mhí ón mbundáta éaga

Má chuireann tú an t-eolas sin ar fáil laistigh den tréimhse 12 mhí sin, tiocfar deireadh leis an tréimhse tarraingthe:

  • 14 lá i ndiaidh don tomhaltóir an t-eolas sin a fháil (díolacháin ar achar)
  • 30 lá i ndiaidh don tomhaltóir an t-eolas sin a fháil (díolacháin leac an dorais)

Cad is chóir do tomhaltóirí a dhéanamh agus rud á chur ar ceal acu?

Nuair a bhíonn an rogha ag tomhaltóirí chun a seirbhís a chur ar ceal, ní mór dóibh:

  • Sin a chur in iúl duit laistigh den tréimhse aistarraingthe
  • Sin a dhéanamh i scríbhinn (nó ní gcaithfidh siad leas a bhaint as d’fhoirm)
  • Gach trealamh a thabhairt ar ais
  • Íoc as seirbhísí a úsáideadh roimh an gcur ar ceal
  • Téigh ar ais ar iarchonradh, más infheidhm

Má bhíonn easaontas ann, fágtar faoin tomhaltóir é le cruthú go raibh a cheart chun cur ar ceal in úsáid acu.

Cá huair nach bhfuil feidhm ag an gceart chun cur ar ceal?

Ní féidir le tomhaltóirí rud a chur ar ceal i gcásanna áirithe, lena n-áirítear:

  • Más iompar poiblí é (eitiltí, iarnróid, busanna, báid)
  • Más conarthaí le haghaidh lóistín, iompair earraí, cíosa gluaisteáin, lónadóireachta nó le haghaidh gníomhaíochtaí fóillíochta a cuireadh in áirithe do dháta ar leith iad

Cad faoi na rialacha le haghaidh téarmaí conarthaí?

Leagtar amach i dlí na dtomhaltóirí riachtanais le haghaidh trédhearcacht a chur ar fáil sna conarthaí mar aon le creatlach dlí ar théarmaí míchothroma. Déantar sin sa dóigh is nach féidir le téarmaí do chonarthaí dochar a dhéanamh do thomhaltóirí.

Léigh ár dtreoir ar théarmaí míchothroma.