Roinn 3 - Caiteachas
Réamhrá
Leagtar béim ar chaiteachas sa roinn seo. Caithfear súil ar chaiteachas na ndaltaí féin, mar aon le caiteachas teaghlaigh. Foghlaimeofar conas idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha caiteachais éagsúla – caiteachas seasta, caiteachas neamhrialta agus caiteachas lánroghnach.
Fiosrófar na bealaí gur féidir caiteachas a rangú in ord tosaíochta, mar aon leis na slite gur féidir an próiseas rangaithe seo a nascadh le riachtanais agus mianta.
Réamhfhoghlaim
Ba chóir go mbeadh tuiscint ag scoláirí ar riachtanais agus mianta (féach roinn 1) agus na foinsí éagsúla ioncaim atá ar fáil dóibh mar dhuine aonair agus mar theaghlach (féach roinn 2).
Príomhfhoghlaim
- Scileanna litearthachta airgeadais a phlé.
- Tuiscint go bhfuil scileanna litearthachta airgeadais riachtanach don mhaireachtáil neamhspleách.
- Cad is brí le caiteachas?
- Na téarmaí ‘caiteachas seasta, caiteachas neamhrialta agus caiteachas lánroghnach’ a thuiscint.
- Caiteachas a rangú i gcatagóirí éagsúla – seasta, neamhrialta agus lánroghnach.
- An tábhacht a bhaineann le caiteachas a rangú in ord tosaíochta.
- An téarma ‘tobcheannach’ a thuiscint – agus an tionchar a imríonn tobcheannach ar phleanáil airgeadais don teaghlaigh agus don mhaireachtáil neamhspleách
Maireachtáil neamhspleách
Cuir tús le plé dírithe ar an téarma maireachtáil neamhspleách. Fiosraigh ón rang cén tuiscint atá acu ar an téarma seo.
Soiléirigh, más gá, go gcaitheann na daltaí mórán dá gcuid ama ar scoil ag foghlaim agus go bhfuil a gcearta oideachais cosanta. Ciallaíonn seo go bhfuil na bealaí gur féidir leo airgead a thuilleamh srianta san am atá i láthair – ach go dtiocfaidh athrú ar seo de réir mar a théann siad in aois. Mar de réir mar a fhágann siad an córas oideachais, éireoidh leo fostaíocht a fháil agus beidh orthu maireachtáil as a stuaim féin.
Pléigh na scileanna atá tábhachtach don mhaireachtáil neamhspleách mar rang: cócaireacht, bainistíocht bhaile, bainistíocht airgeadais.
Déan plé ar an téarma scileanna litearthachta airgeadais. Fiosraigh ón rang cén tuiscint atá acu ar an téarma seo. Mar shampla: conas mar a oibríonn an córas airgeadais, conas mar a thuilleann daoine airgead, conas mar a bhainistíonn daoine airgead, conas mar a chaitheann daoine airgead. Léirigh na deacrachtaí a bhíonn ag daoine mura dtuigeann siad na ceisteanna seo. Mar shampla: fiachas agus araile.
Ceacht 1
Sa ceacht seo, beidh scoláirí ag iniúchadh na scileanna litearthachta airgeadais atá riachtanach don saol neamhspleách.
Ceacht 2
Sna ranna atá déanta go dtí seo, rinneamar idirdhealú idir riachtanais agus mianta, agus na hacmhainní atá ar fáil dúinn. D’aithníomar an tábhacht a bhaineann le hioncam mar acmhainn freisin.
Cuir tús leis an roinn seo le sraith ceisteanna a fhiosraíonn na trí catagóirí caiteachais is mó a bhíonn ag déagóirí.
Fiosraigh an gcaitheann siad an méid céanna airgid ar na rudaí céanna gach seachtain, nó an mbíonn patrúin éagsúla caiteachais acu.
Ag Sábháil
Is éard atá i gceist le coigilteas ná airgead a chur ar leataobh ionas gur féidir é a úsáid am éigin sa todhchaí. Is éard atá i gceist le coigilteas ná caiteachas moillithe, mar is iondúil go mbíonn plean ann é a chaitheamh am éigin amach anseo.
D’fhéadfaí airgead a choigilt le haghaidh rud éigin sonrach, cosúil le carr nó laethanta saoire, le haghaidh rud éigin nach fios cad é, nó le haghaidh cúrsaí éigeandála. Tá tábhacht faoi leith leis an gcoincheap seo, a gcuireann airgead ar leataobh le haghaidh cúrsaí éigeandála agus ba cheart é a mhíniú go soiléir don rang ag an bpointe seo.
Ba cheart coigilteas a chlúdach in aon bhuiséad seachtainiúil nó míosúil mar is gné lárnach de bhuiséadú é. Léiríonn coigilteas seasta míosúil d’aon institiúid airgeadais – banc agus araile – go bhfuil sé d’inniúlacht agat gealltanas airgeadais a thabhairt, a chabhródh le hiarratais airgeadais amach anseo. Mar shampla, nuair a bhíonn morgáiste á lorg, fiosraíonn institiúid airgeadais an cumas coigiltis atá agat sar a dtabharfadh siad aon mhorgáiste duit.
Measúnú Féideartha: Cén áit gur féidir airgead a choigilt?
D’fhéadfadh daltaí póstaeir a dhearadh a thugann treoir céim-ar-chéim faoin mbealach a osclaítear cuntas coigiltis.
Má bhíonn banc sa scoil, tabhair cuireadh dóibh siúd atá rannpháirteach ann teacht chun cainte leis an rang faoi na bealaí gur féidir cuntas coigiltis a oscailt leo agus faoi na buntáistí a bhainfeadh leis. D’fhéadfadh daltaí an uirlis chomparáide choigiltis a úsáid chun na cuntais choigiltis atá ar fáil a fhiosrú agus na gnéithe a bhaineann leo a scagadh.
Bileog Oibre: Cén áit gur féidir airgead a choigilt?
Plé Ranga:
- Roinn cóip den bhileog oibre thíos ar na daltaí agus iarr orthu í a líonadh isteach.
- Déan plé mar rang ar na bealaí gur féidir airgead a shábháil ar bhonn rialta – siúl ar scoil seachas bus a fháil, lón a dhéanamh seachas é a cheannach sa cheaintín.
Le fiosrú an féidir airgead a shábháil trí lón a dhéanamh duit féin, tá sé tábhachtach comparáid a dhéanamh idir an praghas a chosnódh bia/béile a dhéanfá sa bhaile agus an praghas a bheadh air dá gceannófá i siopa é. Chun é seo a dhéanamh beidh ort costas aonaid na n-earraí a ríomh.
Ceacht 3
Tá sé tábhachtach go mbeimis in ann costas aonaid a ríomh nuair atá caiteachas á phleanáil againn, go háirithe nuair atá an tsiopadóireacht sheachtainiúil á déanamh. Tá tábhacht faoi leith i gceist nuair atá daoine ina gcónaí leo féin den chéad uair.
Tobcheannach
Nuair atá buntuiscint ag na daltaí ar chaiteachas aonarach, déan forbairt ar an bplé a chuimsíonn na gnéithe éagsúla den chaiteachas teaghlaigh (morgáiste, cíos, costais choinneála cairr, earraí grósaeireachta, bronntanais agus araile).
Iarr ar na daltaí conas, agus cad iad na cúiseanna a ndéanann teaghlaigh caiteachas a phleanáil agus déan plé ar an méid a bhaineann le tobcheannach (i.e. rudaí a cheannach gan aon réamhphleanáil déanta bunaithe ar thobsmaoineamh). Fiosraigh den rang cén tuiscint atá acu ar ‘tobcheannach’ agus aon samplaí a bheadh acu gur mian leo a roinnt.
D’fhéadfaí tobcheannach a dhéanamh ar earra costasach nó dhó, nó réimse leathan earraí ar phraghasanna íseal. Ach pé scéal é, d’fhéadfadh ganntanas airgid a bheith mar thoradh orthu a chiallódh nach mbeadh dóthain airgid ar fáil d’earraí riachtanacha. Nuair atá siopadóireacht á déanamh, is fearr liosta a dhéanamh agus fanacht leis, a mhéid agus is féidir. Bheadh níos lú deacrachtaí le caiteachas neamhphleanáilte mar thoradh.
Éascaigh plé uile ranga ag an bpointe seo le cinntiú go mbíonn tuiscint ag na daltaí ar an mbrí atá le tobcheannach, mar aon leis an tionchar a d’fhéadfadh sé imirt ar bhuiséadú.
Ceacht 4
Sa ghníomhaíocht seo, déanfaidh muid iniúchadh níos doimhne ar an gcaoi a n‑athraíonn caiteachas ó dhuine go duine. Tá sé soiléir ónár bplé go dtí seo nach mbíonn na riachtanais, na roghanna ná na tosaíochtaí céanna ag gach duine agus mar sin bíonn a gcaiteachas éagsúil freisin.
Plé & machnamh
Sa roinn seo, chaitheamar súil ar réimse suímh éagsúla agus d’fhiosraíomar na cineálacha éagsúla caiteachais a d’fhéadfadh tarlú. D’aithníomar gur gá caiteachas a phleanáil agus an toradh a bhíonn ar thobcheannach.
An bhfuil aon rud a chuir ionadh ort faoin méid atá pléite faoi chaiteachas?
Conas mar a bhraitheann tú faoi na roghanna atá déanta agat i dtaca leis an airgead atá agat a chaitheamh agus an phleanáil atá de dhíth ina leith?
An bhféadfá do nósanna caiteachais agus tomhaltais féin a mheas? An gceannaíonn tú rudaí atá riachtanach nó rudaí gur mian leat? Conas a gcothromaíonn tú do chaiteachas pearsanta?

