Skip to Content

Conas is féidir leis an CCPC cabhrú leat?

Is é an CCPC an comhlacht reachtúil atá freagrach as comhlíonadh le dlí cosanta tomhaltóirí in Éirinn a chur chun cinn agus é a fhorfheidhmiú. Is é ár n‑aidhm margaí a chur ag obair níos fearr do thomhaltóirí. Cé nach féidir leis an CCPC gníomhú thar ceann tomhaltóirí aonair, cuirimid eolas ar fáil faoi do chearta, faoi airgeadas pearsanta agus faoi shábháilteacht táirgí, trí líne chabhrach do thomhaltóirí, rannóg thiomnaithe ar ár suíomh gréasáin, feachtais feasachta poiblí agus trí thionscnaimh éagsúla oideachais airgeadais.

Foghlaim níos mó

Earraí agus seirbhísí a cheannach

Earraí a cheannach

Nuair a cheannaíonn tú ó ghnólachtaí atá lonnaithe in Éirinn nó san AE, bíonn cearta láidre tomhaltóra agat. Clúdaíonn an leathanach seo do chearta nuair a cheannaíonn tú táirge ó ghnó.

Foghlaim níos mó

Seirbhísí a cheannach

Clúdaíonn an fhaisnéis seo do chearta nuair a cheannaíonn tú seirbhís. Mar shampla, ballraíocht giomnáisiam, do choire a sheirbhísiú nó bailiú dramhaíola tí.

Foghlaim níos mó

Téarmaí agus coinníollacha agus seirbhísí a chur ar ceal

Míniú ar téarmaí agus coinníollacha

Ní mór do ghnólachtaí téarmaí córa conartha a úsáid. Má chreideann tú go bhfuil téarma conartha éagórach, is féidir leat é a thuairisciú agus míniú a fháil ar do chearta.

Foghlaim níos mó

Seribhís nó conradh a chur ar ceal

Má théann rud éigin amú le seirbhís agus mura bhfuil gnó in ann nó sásta í a cheartú, tá cearta tomhaltóra agat. Míníonn an leathanach seo cathain is féidir conradh a chealú.

Foghlaim níos mó

Dearbháin bronntanais

Tá cosaint dhlíthiúil ag tomhaltóirí in Éirinn nuair a cheannaíonn siad dearbháin bronntanais, ar a dtugtar cártaí bronntanais freisin. Cosnaíonn an tAcht um Chosaint Tomhaltóirí (Dearbháin Bronntanais) 2019 do chearta tomhaltóra agus tú ag ceannach agus ag úsáid cártaí bronntanais.

Foghlaim níos mó