Airgead a shábháil, siopadóireacht ar líne, agus foghlaim ó TikTok: eolas i suirbhé nua maidir le cúrsaí airgeadais i measc dhéagóirí na hÉireann

March 22, 2024

Sheol an tAire Airgeadais Michael McGrath tuarascáil nua ón tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (SBCA), Dearcadh agus Iompraíocht Airgid Daoine Óga a bhfuil Cónaí orthu in Éirinn, inniu mar chuid d’imeacht deiridh do Sheachtain Airgid Domhanda.

Tá an tuarascáil bunaithe ar shuirbhé ar 1,850 dalta meánscoile in Éirinn, idir 15 agus 17 mbliana d’aois go príomha.

Príomhthorthaí:

  • Foghlaimíonn 1 as 3 mac léinn faoi airgead ó na meáin shóisialta go príomha, agus is é TikTok an rogha líonra sóisialta don chuid is mó
  • Ní shábhálann 1 as 10 airgead riamh
  • Déanann 4 as 5 siopadóireacht ar líne
  • Creideann beagnach gach duine (96%) díobh siúd a ndearnadh suirbhé orthu go bhfuil sé tábhachtach labhairt faoi airgead

Cuireadh críoch le hócáidí Seachtain Airgid Domhanda (18-24 Márta) le seoladh na tuarascála. Is feachtas bliantúil atá ann le feasacht airgeadais domhanda a chur chun cinn i measc páistí agus daoine óga . Bhí an seoladh ar siúl i gColáiste Éamann Rís i gCathair Chorcaí.

Le seachtain anuas, bhí sraith imeachtaí ar líne agus imeachtaí pearsanta ó aon eagraíocht déag agus bhí na mílte dalta meánscoile rannpháirteach in Éirinn.

Ag labhairt dó faoin tábhacht a bhaineann le hoideachas airgeadais ag an ócáid, dúirt an tAire Airgeadais, Michael McGrath,

“Tá oideachas airgeadais ríthábhachtach do pháistí agus do dhaoine óga chun scileanna riachtanacha saoil a fhorbairt. Tá lúcháir orm an tuairisc seo a sheoladh ó SBCA ar dhearcadh agus ar chúrsaí airgid dhaoine óga na hÉireann le linn Seachtain Airgid Domhanda. Tugann na torthaí seo léargas tábhachtach dúinn ar an gcaoi a ndéanann daoine óga a gcuid airgid a bhainistiú agus a chaitheamh agus dearcaidh ina leith.

Tá an t-eolas seo an-tábhachtach maidir le hoideachas airgeadais a dhearadh chun cabhrú le daoine óga cinntí maithe a dhéanamh faoina gcuid airgid, rud a chabhróidh leo a gcuid spriocanna sa saol a bhaint amach. Is é an cineál taighde é freisin a bheidh mar bhonn eolais d’fhorbairt an chéad Straitéise Náisiúnta in Éirinn maidir le Litearthacht Airgeadais.

Is cúis áthais dom an réimse leathan páirtithe leasmhara Éireannacha a fheiceáil ag glacadh páirte i Seachtain Airgid Domhanda 2024 trí chomhordú an CCPC agus guím gach rath ar na rannpháirtithe ina gcuid oibre.”

Dúirt Dermot Sreenan, Bainisteoir Gnó Tacaíocht SBCA,

“go bhfuil ról lárnach ag foireann SBCA maidir le tionscnaimh agus ceardlanna Seachtain Airgid Domhanda a chur chun cinn i scoileanna ar fud na tíre. Cuireann ár dtuarascáil ‘Dearcadh agus Iompraíocht Airgid Daoine Óga a bhfuil Cónaí orthu in Éirinn’ anailís shaibhir i láthair ar an dóigh a smaoiníonn daoine óga agus a dtéann siad i ngleic le cúrsaí airgid agus seirbhísí airgeadais. Is eolas tábhachtach é seo, maidir le haighneachtaí beartais shóisialta atá bunaithe ar fhianaise agus a bhfuil tionchar acu i bhforbairt i réimsí an chuimsithe airgeadais agus na folláine airgeadais.”

Ag trácht ar a thábhachtaí atá sé le feasacht airgeadais a chinntiú ó aois an-óg, dúirt Grainne Griffin, Stiúrthóir Cumarsáide ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC), leis an méid seo a leanas,

“Tá an CCPC thar a bheith sásta a bheith ag comhordú Seachtain Airgid Domhanda 2024. Ní raibh oideachas airgeadais riamh níos tábhachtaí do dhaoine óga. Tá siad ag tuilleamh airgid, ag caitheamh airgid agus ag sábháil airgid, ach ar an drochuair díríonn camscéimeanna agus faisnéis mhícheart ar líne ar dhaoine óga chomh maith. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil an t-eolas agus na scileanna riachtanacha ag daoine óga chun cinntí maithe airgeadais a dhéanamh agus ar deireadh thiar gur féidir le daoine óga bheith stuama agus seasmhach i dtaobh chúrsaí airgid.

An tSeachtain Airgid Domhanda seo, tá na mílte daoine óga ar fud na hÉireann tar éis foghlaim faoi gach rud ó choigilteas agus cánacha go criptea-airgeadra agus camscéimeanna, trí phodchraoltaí, seimineáir ghréasáin, tráth na gceist, ceardlanna agus cuairteanna scoile ón aon eagraíocht déag rannpháirteach.”

Is feachtas feasachta airgeadais domhanda bliantúil do pháistí agus do dhaoine óga í an tSeachtain Airgid Domhanda (18-24 Márta 2024). Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar ccpc.ie/money.

Comhordaíonn an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) an tSeachtain Airgid Domhanda in Éirinn. I measc na rannpháirtithe eile tá an BPFI, Brokers Ireland, Banc Ceannais na hÉireann, an Roinn Airgeadais, an tOmbudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean, Euronext, Junior Achievement Ireland, an Institiúid Baincéireachta, SBCA, agus na Coimisinéirí Ioncaim.

Return to News

Haven’t found what you’re looking for?