Cuimhnigh ar ábhair airgid an seachtain na gailege seo

March 15, 2023

Agus Seachtain na Gaeilge 2023 tosaithe, ba mhaith le CCPC chur i gcuimhne do muinteoirí agus scoláirí faoi Ábhair Airgid, acmhainn seomra ranga do mhúinteoirí agus scoláirí Eacnamaíocht Bhaile agus Staidéar Gnó na Sraithe Sóisearaí.

An bhliain seo chaite chruthaigh CCPC ceithre fhíseán Gaeilge, ina bhfuil Clíona Ní Chíosáin ó Home School Hub, i gcomhar le COGG agus an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí. Díríonn siad ar shainriachtanais na scoláirí atá ag foghlaim trí Ghaeilge.

Rinneadh na ceithre fhíseán seo chun cabhrú le scoláirí tuiscint níos fearr a fháil ar phríomhthopaicí Ábhair Airgid maidir le bainistíocht airgid; ‘Riachtanais agus Mianta’, ‘Acmhainní agus Ioncam’, ‘Caiteachas’ agus ‘Buiséid’.

Riachtanais agus mianta

Is riachtanais iad na rudaí a bhíonn ag teastáil uainn, bia sa chuisneoir nó na héadaí a bhíonn á gcaitheamh againn. Is mianta iad na rudaí ba mhaith linn a bheith againn ach nach bhfuil ag teastáil uainn, an fón póca is déanaí nó bróga reatha dearthóra. San fhíseán seo, cabhraíonn Clíona linn an difear idir riachtanais agus mianta a thuiscint.

Acmhainní agus ioncam

Is acmhainní iad na rudaí a úsáidimid chun airgead a thuilleamh, ar a dtugtar ioncam. Is féidir linn ár gcuid ama a úsáid chun ioncam a thuilleamh, feighlíocht páistí mar shampla. Is féidir linn ár gcuid scileanna a úsáid chun ioncam a thuilleamh, nó is féidir linn rudaí a dhíol nach dteastaíonn uainn níos mó. San fhíseán seo, labhraíonn Clíona faoi acmhainní agus na cineálacha éagsúla ioncaim atá ann.

Caiteachas

Tugtar caiteachas ar an airgead a chaitheann tú. Tá cineálacha éagsúla caiteachais ann, mar atá leis an ioncam. San fhíseán seo, déanann Clíona an caiteachas a phlé.

Buiséid

Tá sé tábhachtach buiséad a chruthú ionas nach gcaithfidh tú níos mó airgid ná mar atá agat. Cinnteoidh sé seo go mbeidh tú in ann íoc as rudaí cosúil le do bhille fóin, nó an síntiús don aip is fearr leat. San fhíseán seo, léiríonn Clíona dúinn conas buiséad rathúil a chruthú.

Más múinteoir thú a bhfuil rang agat sa tSraith Shóisearach, cuirfimid fáilte roimh aiseolas uait trínár suirbhé do mhúinteoirí, nó is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig financialeducation@ccpc.ie

Chun scéalta eile mar seo a fháil i do bhosca isteach, is féidir leat clárú dár nuachtlitir.

Lean ar na meáin shóisialta muid chun an t-eolas is déanaí a fháil:

Facebook: /CCPC.ie   
Twitter: @CCPCIreland   
Instagram: @CCPCIreland   

Return to News

Haven’t found what you’re looking for?