Foghlaim conas do chuid airgid a bhainistiú ‘as gaeilge’ le hábhair airgid de chuid CCPC

March 2, 2023

Chun Seachtain na Gaeilge 2023 a cheiliúradh, tá CCPC ag moladh do mhúinteoirí agus scoláirí na Sraithe Sóisearaí leas a bhaint as an nGaeilge atá acu agus ár n-acmhainn Ghaeilge atá saor in aisce, Ábhair Airgid, a úsáid.

Forbraíodh Ábhair Airgid do scoláirí agus múinteoirí Eacnamaíocht Bhaile agus Staidéar Gnó na Sraithe Sóisearaí, agus anois tá sé ina acmhainn ríthábhachtach a úsáidtear i seomraí ranga ar fud na hÉireann. Ligeann Ábhair Airgid do scoláirí foghlaim faoi bhainistíocht airgid, atá ina scil thábhachtach, trí Ghaeilge.

Don tseachtain seo, tá CCPC ag moladh do chainteoirí neamhdhúchasacha agus dóibh siúd nach bhfuil mórán Gaeilge acu triail a bhaint as Ábhair Airgid agus an cúpla focal atá acu a labhairt, agus cuirfidh siad leis an eolas atá acu ar airgead pearsanta chomh maith.

Céard is ábhair airgid ann?

Acmhainn seomra ranga do scoláirí agus múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge is ea Ábhair Airgid, a dhíríonn ar Eacnamaíocht Bhaile agus Staidéar Gnó na Sraithe Sóisearaí. Forbraíodh é i gcomhar leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), agus le hionadaithe ón tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT), chun cabhrú le sainriachtanais na scoláirí atá ag foghlaim trí Ghaeilge.

Cuimsíonn Ábhair Airgid réimse acmhainní lena n-áirítear cleachtaí, gníomhaíochtaí, cás-staidéir, gearrthóga físe agus nótaí cuimsitheacha ó OneNote. Clúdaítear réimse topaicí sna hacmhainní seo a bhaineann le hairgead pearsanta. Tá cúpla ceacht i ngach aonad, agus iad ar fad ag teacht le torthaí foghlama Churaclam na Sraithe Sóisearaí. Dearadh é chun an príomheolas a chur ar fáil ar bhealach idirghníomhach solúbtha, bealach a spreagfaidh na scoláirí ar feadh na scoilbhliana.

An bhfuil sé do scoláirí na sraithe sóisearaí amháin?

Cé gur forbraíodh é don tSraith Shóisearach, is scil thábhachtach í bainistíocht airgid beag beann ar d’aois. Mar sin, tá CCPC ag moladh do gach duine leas a bhaint as Ábhair Airgid le linn Sheachtain na Gaeilge. Ní bheadh a fhios agat, d’fhéadfadh an ‘cúpla focal’ atá agat cabhrú leat ‘cúpla punt’ a shábháil amach anseo!!

An gá dom clárú ar líne?

Acmhainn SAOR IN AISCE is ea Ábhair Airgid, atá ar fáil do gach duine ar líne. Ní gá duit clárú ná sonraí logála isteach a thabhairt. Téigh go dtí ccpc.ie/abhair-airgid chun teacht ar na hacmhainní ar fad, lena n-áirítear nótaí cuimsitheacha OneNote.

Físeáin ghaeilge

An bhliain seo chaite, chruthaigh CCPC ceithre fhíseán Gaeilge ina bhfuil Clíona Ní Chíosáin ó Home School Hub. Rinneadh na físeáin seo i gcomhar le COGG agus an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí, agus díreoidh siad ar na hábhair a clúdaíodh ar Ábhair Airgid cheana féin;

  • Riachtanais agus Mianta
  • Acmhainní agus Ioncam
  • Caiteachas &
  • Buiséid

Más mian leat breathnaigh ar na físeáin, téigh go dtí ccpc.ie/abhair-airgid.

Más múinteoir thú a bhfuil rang agat sa tSraith Shóisearach, cuirfimid fáilte roimh aiseolas uait trínár suirbhé do mhúinteoirí, nó is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig financialeducation@ccpc.ie

Lean ar na meáin shóisialta muid chun an t-eolas is déanaí a fháil:

Facebook: /CCPC.ie   
Twitter: @CCPCIreland   
Instagram: @CCPCIreland   

Return to News

Haven’t found what you’re looking for?