Ábhair Airgid
August 25, 2021
Má tá tú ag teagasc Staidéar Gnó nó Eacnamaíocht Bhaile, d’fhéadfadh Ábhair Airgid a bheith ina chuidiú leat
Agus an scoilbhliain nua druidte linn, ba mhaith leis an CCPC Ábhair Airgid, acmhainn saor in aisce don tSraith Shóisearach, a chur i gcuimhne do mhúinteoirí. Seoladh ar dtús i mí Dheireadh Fómhair 2020 é, do scoláirí agus do mhúinteoirí Eacnamaíocht Bhaile agus Staidéar Gnó.
Forbraíodh Ábhair Airgid i gcomhar leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), le hionchur ón tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT), chun cuidiú leo siúd atá ag teagasc Eacnamaíocht Bhaile agus Staidéar Gnó i nGaeilge.
Tá Ábhair Airgid comhdhéanta de chleachtaí, gníomhaíochtaí, bileoga oibre, cás-staidéir, gearrthóga físe agus OneNotes fairsinge, chun réimse ábhar éagsúil a bhaineann le hairgeadas a chlúdach thar roinnt aonad éagsúil.
Tá gach aonad comhdhéanta de roinnt ceachtanna éagsúla atá ailínithe le Torthaí Foghlama ar leith ó na Sonraíochtaí Curaclaim, agus dearadh é chun an t-eolas a sheachadadh ar bhealach idirghníomhach a mbeidh spéis ag scoláirí ann agus ar féidir leat é a theagasc ar bhealach solúbtha.
Forbraíodh an acmhainn seo tar éis aiseolais a fuarthas ó mhúinteoirí Gaeilge agus eagraíochtaí múinteoirí éagsúla. Tá sé go hiomlán saor in aisce agus ní gá duit clárú ná logáil isteach chun rochtain a fháil ar aon cheann de na hábhair. Is féidir leat féin agus le do scoláirí na hacmhainní a íoslódáil nó rochtain dhíreach a fháil orthu ar an suíomh gréasáin — Acmhainní Eacnamaíocht Bhaile agus Acmhainní Staidéar Gnó. Má tá aon aiseolas nó smaointe agat, ba bhreá linn cloisteáil uait ag financialeducation@ccpc.ie.
Return to News